Creidmheasanna Fíor-Ama

Léargas ginearálta

Tá áis do Chreidmheasanna Fíor-ama ar fáil ar moChúrsaí. Ag baint úsáid as an áis seo, féadfaidh tú creidmheasanna agus faoisimh chánach do chaiteachas cáilitheach a éileamh i bhfíor-am.

Féadtar éileamh a dhéanamh ar chaiteachas tabhaithe maidir le:

Nuair a bheidh d’éileamh próiseáilte, cuirfear Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) leasaithe ar fáil do d’fhostóir. Leis seo, féadtar coigeartú cuí a dhéanamh tríd an bpárolla agus chun aisíocaíocht a fháil, más dlite. 

Cuirfear Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) leasaithe ar fáil duit. Féadtar féachaint air an DCC seo sa rannán 'Mo Chuid Doiciméad' ar moChúrsaí. Léireofaí ar an DCC seo sonraí ar na creidmheasanna cánach uile atá tú i dteideal. Léireofaí ar an DCC chomh maith aon fhaoiseamh breise atá dlite mar thoradh ar d’éileamh.

Ar aghaidh: Cén chaoi le héileamh ar Chreidmheas Fíor-ama a dhéanamh