Creidmheasanna Fíor-Ama

Cén chaoi le dul chun cinn d'admhálacha uaslódáilte a sheiceáil

Féadfaidh tú dul chun cinn d’admhálacha a sheiceáil ar moChúrsaí. Taispeántar an stádas sa rogha 'Féach ar Admhálacha' den Rianaire Admhálacha, faoin rannán 'Seirbhísí ÍMAT'. Is iad seo a leanas stádas difriúla gach admháil:

  • ‘Éilithe’ - tá éileamh déanta agat in aghaidh an chostais seo agus próiseáladh é. Gheobhaidh tú Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) i leith an éilimh seo.
  • ‘Neamhéilithe’ - níl éileamh déanta agat i leith an chostais seo.
  • 'Ar feitheamh'- Tá athbhreithniú á dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim ar d'admhálacha uaslódáilte faoi láthair.
  • 'Diúltaithe' - Dhiúltaigh na Coimisinéirí Ioncaim d'admhálacha uaslódáilte. Chun a sheiceáil cén fáth ar diúltaíodh d'admhálacha, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim trí 'M'Fhiosruithe' ar moChúrsaí.
  • ‘Ag fanacht ar suim na haisíocaíochta tríú páirtí’ - tá sé curtha in iúl agat go bhfuil aisíocaíocht dlite duit nó go bhfuair tú aisíocaíocht ó thriú páirtí i leith an chostais seo. Is gá duit suim na haisíocaíochta a dheimhniú sula bhféadfaidh tú leanúint ar aghaidh le héileamh a dhéanamh i leith an chostais seo. Féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim trí 'M'Fhiosruithe', chun suim na haisíocaíochta a shoiléiriú.

Féadfaidh tú chomh maith féachaint ar stádas d’admhálacha tíolactha tríd an rannán ‘Bainistigh do cháin’ in moChúrsaí.

Ar aghaidh: Fógra gur próiseáladh éileamh