Creidmheas Cánach Cíosa

Léargas ginearálta

Tá an Creidmheas Cánach Cíosa ar fáil le haghaidh na mblianta cánach 2022 go 2025. Laghdaíonn an Creidmheas Cánach Cíosa an méid Cánach Ioncaim atá tú dlite le híoc don bhliain chánach.

Chun leas a bhaint as an gCreidmheas Cánach Cíosa, ní mór go bhfuil dliteanas Cánach Ioncaim agat le fritháireamh ina aghaidh.

Tabhair do d’aire

Féadann tú do Chreidmheas Cánach Cíosa a éileamh anois don bhliain chánach 2023 ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Má tá ioncam Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) agat, féadtar é seo a dhéanamh tríd moChúrsaí. Seachas sin, féadtar é a dhéanamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcreidmheas a éileamh, féach an leathanach 'Cén chaoi le héileamh a dhéanamh'.

Ríomhfar an méid Creidmheasa Cánach Cíosa is féidir leat a éileamh duit nuair a thíolacann tú d'éileamh. Braithfidh an tsuim seo ar an méid:

  • cíosa a íocann tú
  • agus
  • Cánach Ioncaim a íocann tú.

Séard is brí le cíos ná an tsuim a íocann tú as úsáid na maoine. Ní áirítear leis seo, aon suim a íoctar le haghaidh seirbhísí breise, amhail fóntais, bord nó níochán. Ba chóir duit aon suim a íocann tú as na seirbhísí seo a eisiamh agus an cíos a íocann tú á ríomh agat.

I gcás 2022 agus 2023, is é uasluach an Chreidmheasa Cánach Cíosa ná €1,000 in aghaidh na bliana do lánúineacha pósta nó páirtnéirí sibhialta atá faoi bhonn measúnaithe comhpháirtigh. Is é €500 an t-uasluach i ngach cás eile lena n-áirítear daoine singil.

I gcás 2024 agus 2025, is é uasluach an Chreidmheasa Cánach Cíosa ná €1,500 in aghaidh na bliana do lánúineacha pósta nó páirtnéirí sibhialta atá faoi bhonn measúnaithe comhpháirtigh. Is é €750 an t-uasluach i ngach cás eile lena n-áirítear daoine singil. Is amhlaidh an cás is cuma cé mhéad maoin a íocann tú cíos ina leith i rith na bliana.

Faoi réir roinnt coinníollacha, féadfaidh sé go bhfuil an Creidmheas Cánach Cíosa ar fáil sa chás go n-íocann tú cíos ar:

  • do phríomháit chónaithe phríobháideach
  • do mhaoin eile a úsáideann tú chun d’fhreastal ar obair nó ar chúrsa ceadaithe a éascú
  • do mhaoin úsáidte ag do leanbh chun a bhfreastal ar chúrsa ceadaithe a éascú.

Baineann na coinníollacha infheidhme:

  • le suíomh agus úsáid na maoine cíosa
  • leis an gcineál tionóntachta
  • leis an ngaol idir tú féin nó do leanbh agus an tiarna talún
  • agus
  • le haois do linbh agus an cineál cúrsa a bhfuil siad ag freastal air, más cuí.

Ar aghaidh: Coinníollacha cáilithe do gach éilitheoir