Creidmheas Cánach Cíosa

Tuilleadh coinníollacha ina n-úsáideann do leanbh an mhaoin

Féadfaidh sé go bhfuil tuismitheoirí a íocann cíos thar ceann a linbh i dteideal an Creidmheas Cánach Cíosa a éileamh.

Chomh maith leis na coinníollacha atá leagtha amach ar an leathanach 'Coinníollacha cáilitheacha do gach éilitheoir, ní mór na coinníollacha thíos a shásamh.

Tabhair do d'aire

Fógraíodh i mBuiséad 2024 go bhfuil socruithe de chineál 'seomra ar cíos' nó 'lóistín' incháilithe anois don Chreidmheas Cánach Cíosa. Tá feidhm aige seo sa chás go bhfuil tuismitheoirí ag íoc cíosa dá leanbh. Baineann an t-athrú seo le héilimh do na blianta 2022-2025.

Úsáid na maoine

Ní mór do mhaoin a bheith úsáidte ag do leanbh go sonrach chun a bhfreastal ar chúrsa ceadaithe a éascú.

Tá an míniú céanna ag cúrsa ceadaithe don chreidmheas seo agus atá le faoiseamh cánach do tháillí teagaisc tríú leibhéal. Féach na Coláistí agus cúrsaí faofa chun a sheiceáil an gcáilíonn cúrsa do linbh don Chreidmheas Cánach Cíosa. Ní mór an mhaoin lena mbaineann a bheith ina maoin chónaithe atá lonnaithe sa Stát freisin.

Ní mór don mhaoin a bheith mar phríomháit chónaithe phríobháideach an linbh le linn am téarma. Féadtar an Creidmheas Cánach Cíosa a éileamh fós má fhilleann do leanbh ar theach an teaghlaigh lasmuigh d'am téarma. Féadfaidh sé go n-áireofaí leis seo:

  • deireadh seachtaine
  • uaireanta eile taobh amuigh de théarmaí seimeastair.

Caidreamh leis an tiarna talún

Níl an Creidmheas Cánach Cíosa ar fáil más daoine gaolta thú féin nó do leanbh agus an tiarna talún ar bhealach ar bith. Ciallaíonn sé seo nach féidir leat an Creidmheas Cánach Cíosa a éileamh má tá aon chaidreamh teaghlaigh idir na páirtithe. Áirítear leis seo caidrimh ar nós:

  • tuismitheoir agus leanbh
  • seantuismitheoir agus garpháiste
  • siblín
  • aintín nó uncail agus neacht nó nia.

Aois an linbh

Ní mór go raibh an leanbh faoi bhun 23 bliain d'aois ag tús na bliana cánach inar chuir sé nó sí tús le cúrsa ceadaithe den chéad uair le go bhfeidhmeofar an Creidmheas Cánach Cíosa.

Le haghaidh samplaí breise chun na coinníollacha a mhíniú, féach an doiciméad dar teideal Creidmheas Cánach Cíosa.

Ar aghaidh: Cé mhéad a fhéadtar a éileamh?