Creidmheas Cánach Cíosa

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Ba chóir duit an oiread eolais agus is féidir a chur ar fáil faoi do shocraíocht cíosa agus éileamh á dhéanamh agat. Áirítear leis seo an uimhir leis An mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) do do thionóntacht, nuair is cuí. Cuireann suíomh idirlín an BTC treoir ar fáil ar cén uait go bhféadtar teacht ar an uimhir seo, más gá.

Ba chóir duit gach cúram réasúnach a ghlacadh chun an uimhir BTC do do thionóntacht a fháil, nuair is cuí. Féadfaidh sé nach mbeidh tú in ann an uimhir seo a chur ar fáil ag tráth d’éilimh. I gcásanna den chineál sin, ní chuirfear bac ort éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas.

Féadfaidh sé, áfach, go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ort an uimhir BTC a chur ar fáil ag tráth níos déanaí, nuair is cuí. Mura bhfuil tú fós in ann an uimhir a chur ar fáil faoin dtráth sin, féadfaidh sé go dtarraingeofaí siar aon chreidmheas a tugadh duit.

Ba chóir duit gach taifead a bhaineann le do shocraíocht cíosa a choinneáil ionas gur féidir leat iad a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim má iarrtar iad.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh le haghaidh 2022 agus 2023

An chaoi le héileamh a dhéanamh más cáiníocóir ÍMAT thú

Féadtar an creidmheas a éileamh don bhliain chánach 2022 agus 2023 trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú in moChúrsaí. Chun an creidmheas a éileamh agus do Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú, lean na céimeanna seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do Cháin 2020-2023’ faoin rannán ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  3. ‘Ráiteas Dliteanais’ don bhliain riachtanach a iarraidh.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus cliceáil ar ‘Creidmheas Cánach Cíosa’.
  6. Déan do bhealach tríd an bpróiseas éilimh.
  7. Comhlánaigh agus tíolaic an Tuairisceán Cánach Ioncaim.

Chun treoir céim ar chéim a fháil ar an gcaoi leis an bpróiséas éilimh a chomhlánú, féach treoir ar an gCreidmheas Cánach Cíosa.

An chaoi le héileamh a dhéanamh má tá tú faoin mbonn féinmheasúnaithe

Féadtar an creidmheas a éileamh don bhliain chánach 2022 agus 2023 trí do Thuairisceán bhliantúil Cánach Ioncaim a chomhlánú (Foirm 11) in Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun an creidmheas a éileamh, comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim agus lean na céimeanna seo:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Oscail an scáileán ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  3. Cliceáil ar ‘Tíolaic Tuairisceán’.
  4. Roghnaigh ‘Cáin Ioncaim ’ ón roghchlár anuas.
  5. Roghnaigh an bhliain chánach ar mian leat tuairisceán a thíolacadh le haghaidh.
  6. Aimsigh an rannán ‘Creidmheas Cánach Cíosa’ den tuairisceán cánach agus cuir isteach an fhaisnéis a iarrtar.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh le haghaidh 2024

Más cáiníocóir ÍMAT thú, tá tú in ann an creidmheas na bliana a éileamh i leith cíosa a íocadh i 2023 trí moChúrsaí.

Beidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Téigh chuig an rannán Seirbhísí ÍMAT.
  3. Cliceáil ar ‘Bainistigh do Cháin 2024’.
  4. Cliceáil ar ‘Cuir creidmheasanna nua leis’.
  5. Faoin rannán ‘Tú féin agus do theaghlach’, éiligh an Creidmheas Cánach Cíosa.

De rogha ar sin, féadtar creidmheas a éileamh don bhliain chánach 2024 trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú le haghaidh 2024 an bhliain seo chugainn.