Creidmheas Cánach Cíosa

Coinníollacha cáilithe do gach éilitheoir

Tá roinnt coinníollacha ann nach mór do gach éilitheoir an Chreidmheasa Cánach Cíosa a chomhlíonadh.

Éileamh foirmiúil

Ní mór duit éileamh foirmiúil a dhéanamh chun an creidmheas a fháil do 2023 trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim 2023 a chomhlánú. Má tá an creidmheas á éileamh agat do 2024, beidh tú in ann d'éileamh a dhéanamh i bhfíor-ama trí moChúrsaí.

Caithfidh d'éileamh a bheith bainteach le híocaíochtaí cíosa a bhí dlite agus a íocadh le linn na bliana cánach ábhartha. Ba chóir duit an oiread eolais agus is féidir a chur ar fáil faoi do shocraíocht cíosa agus éileamh á dhéanamh agat. Ba chóir duit gach taifead a bhaineann le do shocraíocht cíosa a choinneáil freisin ionas gur féidir leat iad a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim má iarrtar iad.

Tionóntacht

Caithfidh an íocaíocht a bheith déanta faoi thionóntacht. Ní mór tionóntach a bheith déanta le toiliú an tiarna talún.

Ní mór tionóntachtaí áirithe a bheith cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC). Áirítear leis seo Cóiríocht Shonrach do Mhic Léinn (CSML) a sholáthraíonn ollscoileanna, coláistí nó eagraíochtaí san earnáil phríobháideach. Mura bhfuil an clárú seo críochnaithe, ní bheidh an t-éilitheoir incháilithe don Chreidmheas Cánach Cíosa. Leagtar amach ar shuíomh idirlín BTC sonraí iomlána faoi na cineálacha agus coinníollacha tionóntachta éagsúla a theastaíonn le clárú.

I gcásanna áirithe, tá feidhm ag an gCreidmheas Cánach Cíosa maidir le tionóntachtaí nach gá a chlárú leis an BTC. Áirítear leis seo, socruithe mar 'seomra-ar-cíos' nó 'lóistín'.

Níl an Creidmheas Cánach Cíosa ar fáil, áfach, le haghaidh socruithe mar 'seomra-ar-cíos' nó 'lóistín' más rud é gur daoine gaolta thú féin agus an tiarna talún.

Maoin

Caithfidh an mhaoin lena mbaineann a bheith ina maoin chónaithe atá lonnaithe sa Stát. D'fhéadfadh maoin chónaithe chun na críche sin a bheith ina maoin iomlán nó seomraí roghnaithe laistigh de mhaoin.

Tionóntacht tacaithe

Ní féidir leat an Creidmheas Cánach Cíosa a éileamh más 'tionónta tacaithe' thú. Ciallaíonn sé seo nach féidir leat a bheith ag fáil tacaíocht tithíochta Stáit amhail:

  • An Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT)
  • Forlíonadh Cíosa
  • Scéimeanna Cóiríochta ar Cíosa (SCC).

Ní féidir leat an Creidmheas Cánach Cíosa a éileamh fiú má tá ort íocaíocht 'bhreisithe' a dhéanamh de bhreis ar íocaíocht a fuarthas ó scéim tacaíochta Stáit.

Ní féidir le baill den Oireachtas a fhaigheann liúntas faoi Alt 836 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 éileamh a dhéanamh mar go meastar gur 'tionónta tacaithe' iad. Mar sin féin, is féidir leo éileamh a dhéanamh i gcás ina ndéanann siad íocaíocht maidir lena bpríomháit chónaithe phríobháideach féin.

Tiarna talún

Ní féidir leat an Creidmheas Cánach Cíosa a éileamh más Comhlachas Tithíochta nó Comhlacht Tithíochta Ceadaithe atá mar thiarna talún agat.

Coinníollacha eile

Chomh maith leis na coinníollacha thuas, féadfaidh sé go mbaineann roinnt coinníollacha breise le d'éileamh ar Chreidmheas Cánach Cíosa, ag brath ar chatagóir do shocraíochta cíosa. Féach an leathanach ábhartha a leanann chun eolas a fháil faoi na coinníollacha breise seo.

Ar aghaidh: Tuilleadh coinníollacha ina n-úsáidtear maoin mar phríomháit chónaithe phríobháideach