Creidmheas Cánach Cíosa

Tuilleadh coinníollacha ina n-úsáidtear maoin mar mhaoin thánaisteach

Féadfaidh an Creidmheas Cánach Cíosa a bheith ar fáil do do mhaoin thánaisteach má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Meastar gur maoin thánaisteach í maoin má tá áit chónaithe eile ar fáil duit.

Chomh maith leis na coinníollacha atá leagtha amach sa leathanach 'Coinníollacha cáilitheacha do gach éilitheoir', ní mór na coinníollacha thíos a shásamh.

Caidreamh leis an tiarna talún

Níl an Creidmheas Cánach Cíosa ar fáil más tuismitheoir agus leanbh thú féin agus an tiarna talún, nó a mhalairt.

Más daoine gaolta thú féin agus an tiarna talún, féadfaidh an creidmheas a bheith fós ar fáil sna cásanna seo a leanas amháin:

  • is cineál tionóntacht í a theastaítear a chlárú leis An mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC)
  • agus
  • chomhlíon an tiarna talún aon riachtanas clárúcháin den chineál sin.

Úsáid na maoine

Caithfidh úsáid do mhaoine tánaistí a bheith ann chun do rannpháirtíocht a éascú i:

  • d’fhostaíocht
  • do ghabháltas oifige
  • do cheird
  • do ghairm
  • i gcúrsa ceadaithe.

Féach Na Coláistí agus cúrsaí faofa chun a sheiceáil an gcáilíonn do chúrsa don Chreidmheas Cánach Cíosa. Ní mór an mhaoin lena mbaineann a bheith ina maoin chónaithe atá lonnaithe sa Stát freisin.

Le haghaidh samplaí breise chun na coinníollacha a mhíniú, féach an doiciméad dar teideal Renta Tax Credit.

Ar aghaidh: Tuilleadh coinníollacha ina n-úsáideann do leanbh an mhaoin