Táillí teagaisc íoctha le haghaidh oideachas tríú leibhéal

Coláistí agus cúrsaí faofa

Tá gach cúrsa ceadaithe a sholáthraíonn ollscoileanna, coláistí agus institiúidí ardoideachais in Éirinn atá á maoiniú go poiblí faofa chun críche faoiseamh cánach.

Tá gach cúrsa ceadaithe a sholáthraíonn ollscoileanna, coláistí agus institiúidí atá á maoiniú go poiblí nó atá creidiúnaithe go cuí i mBallstáit eile den Aontas Eorpach nó sa Ríocht Aontaithe faofa chun críche faoiseamh cánach.

Tá cúrsaí a sholáthraíonn coláistí nó institiúidí i mBallstáit eile den Aontas Eorpach nó sa Ríocht Aontaithe a sholáthraíonn cianoideachas in Éirinn faofa chun críche faoiseamh cánach. Ní mór do na cúrsaí a bheidh faofa le haghaidh scéim na ndeontas ardoideachais agus an Ollscoil Oscailte a bheith áirithe leo.

Ní mór do choláistí príobháideacha in Éirinn agus do choláistí cianoideachais phríobháideacha san AE (agus an Ríocht Aontaithe) feidhmiú de réir cóid caighdeán ata faofa ag an Aire Oideachais agus Scileanna. Foilsítear liostaí de choláistí agus de chúrsaí faofa ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim gach bliain.

Ag seiceáil cibé an gcáilíonn cúrsa i gcomhair faoisimh

Is liosta é Publicly funded colleges in the State de choláistí, ollscoileanna nó institiúidí poiblí ata faofa i gcomhair cúrsaí fochéime. I gcás coláistí príobháideacha, cúrsaí páirtaimseartha nó cúrsaí iarchéime, féach na liostaí seo a leanas:

Táillí coláiste le haghaidh na bliana acadúla dar tús 2023

Táillí coláiste le haghaidh na bliana acadúla dar tús 2022

Táillí coláiste le haghaidh na bliana acadúla dar tús 2021

Táillí coláiste le haghaidh na bliana acadúla dar tús an 1 Lúnasa 2020

Táillí coláiste le haghaidh na bliana acadúla dar tús an 1 Lúnasa 2019

Táillí coláiste le haghaidh na bliana acadúla dar tús an 1 Lúnasa 2018