Táillí teagaisc íoctha le haghaidh oideachas tríú leibhéal

Cén chaoi le faoiseamh a éileamh i leith táillí teagaisc

Féadtar éilimh i leith táillí teagaisc a thíolacadh tar éis dheireadh na bliana cánach.

Éilimh a dhéanamh le linn na bliana cánach

Féadann custaiméirí ÍMAT éileamh a dhéanamh sa bhliain reatha cánach, ar an gcoinníoll go n-íoctar na táillí ag tráth an éilimh. Féadtar faoiseamh a éileamh ach úsáid a bhaint as Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí. Féadtar é seo a dhéanamh ach na céimeanna seo a leanúint:

  • sínigh isteach ar moChúrsaí
  • cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin 2023’
  • roghnaigh ‘Cuir creidmheasanna nua leis'
  • roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus ‘Táillí Teagaisc’.

Mura bhfuil teacht agat ar moChúrsaí, féadtar faoiseamh a éileamh trí éileamh i scríbhinn a sheoladh chuig d’oifig áitiúil de chuid na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáid as an bhFoirm IT31. Féadtar teacht ar sheoladh d'oifig áitiúil de chuid na Coimisinéirí Ioncaim sa rannán Déan teagmháil linn

Éileamh a dhéanamh tar éis dheireadh na bliana cánach

Féadtar éilimh a dhéanamh tar éis dheireadh na bliana cánach trí Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú.

Cén chaoi le Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú má íocann tú cáin faoin gcóras ÍMAT

An bealach is tapúla agus is éasca chun Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú ná le Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí. Féadtar é seo a dhéanamh ach na céimeanna seo a leanúint:

Le haghaidh 2019 agus blianta ina dhiaidh:

  • sínigh isteach ar moChúrsaí
  • cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2019-2022’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT
  • 'Ráiteas Dliteanais' a iarraidh
  • cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’
  • ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Táillí Teagaisc’.
  • comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe

Éilítear an faoiseamh tríd an rannán táillí teagaisc a chomhlánú ar thuairisceán bliantúil cánach na Foirme 11 ag deireadh na bliana.

Má fhaigheann tú aon deontas, scoláireacht nó íocaíocht i leith na dtáillí seo, ní mór duit an t-eolas seo a chur san áireamh agus tú ag éileamh an fhaoisimh.

Má d’íoc níos mó ná duine amháin as na táillí teagaisc, féadfaidh gach duine a sciar féin den fhaoiseamh a éileamh.

Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus measúnú comhpháirteach á dhéanamh ort, roinnfidh sibh an faoiseamh eadraibh. Déanfar é seo a aisíoc le gach duine i gcomhréir leis an tsuim chánach a d’íoc siad.

Admhálachaa theastaíonn chun éileamh a dhéanamh i leith táillí teagaisc

Iarrtar ort gach admháil bhunaidh a choinneáil ar feadh sé bliana nuair a dhéanann tú éileamh i leith táillí teagaisc. Ní gá duit na hadmhálacha seo a thíolacadh nuair atá d’éileamh á dhéanamh agat. Féadfaidh sé, áfach, go n-iarrfaidh muid iad a fheiceáil má roghnaítear d’éileamh lena seiceáil.

Is é an tseirbhís Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim in moChúrsaí an rogha is tapúla agus is éasca chun d’admhálacha a shábháil. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Bainistigh do chuid admhálacha leis an rianaire admhálacha.

Ar aghaidh: Coláistí agus cúrsaí faofa