Táillí teagaisc íoctha le haghaidh oideachas tríú leibhéal

Léargas ginearálta

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh i leith táillí cáilitheacha (an ranníocaíocht mic léinn san áireamh) a d’íoc tú i leith cúrsaí oideachais tríú leibhéal. Ní mór go n-íoctar na táillí cáilitheacha le haghaidh cúrsa faofa ag coláiste faofa.

Níl táillí eile ná tobhaigh ar nós iad seo a leanas incháilithe le haghaidh faoisimh:

  • táillí riaracháin
  • tobhach d’ionad na mac léinn
  • muirear d’ionaid spóirt
  • tobhach Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Féadfaidh sé gur tusa an mac léinn, nó féadfaidh sé go n-íocann tú na táillí ar son an mhic léinn. Ní fhéadtar an faoiseamh a éileamh áfach, ach amháin más thú an duine a d’íoc na táillí go hiarbhír.

An t-uasmhéid a fhéadtar a éileamh ná €7,000 an duine an cúrsa in aghaidh na bliana acadúla. 

Tá gach éileamh faoi réir suim neamhairde aonair de €3,000 nó €1,500 i leith gach bliain chánach.

Tugtar neamhaird ar an gcéad €3,000 i leith mac léinn lánaimseartha nó €1,500 do mhac léinn páirtaimseartha. Má tá táillí íoctha agat i leith níos mó ná mac léinn amháin, ní bhainfear an tsuim neamhairde seo ó d’éileamh ach uair amháin.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ríomhtar an faoiseamh?