Táillí teagaisc íoctha le haghaidh oideachas tríú leibhéal

Táillí teagaisc a íoc roimh ré

Má íocann tú táillí ollscoile roimh ré (chun lascaine a fháil, mar shampla), féadtar faoiseamh a cheadú mar seo a leanas:

  • Má tá sonraí agat i leith na méideanna dlite le haghaidh gach bliain, féadtar na méideanna sin a éileamh thar thréimhse an chúrsa. Tá sé seo faoi réir an uasmhéid €7,000 an duine an cúrsa. Ba chóir an méid neamhairde a fheidhmiú ar gach éileamh.
  • Mura bhfuil briseadh síos bliantúil agat i leith na dtáillí, féadtar an méid iomlán íoctha a roinnt go cothrom thar an líon blianta atá i gceist leis an gcúrsa. Tá gach bliain faoi réir uasteorainn €7,000 an duine an cúrsa. Ba chóir an méid neamhairde seo a fheidhmiú ar gach éileamh.

Ar aghaidh: Cén chaoi le faoiseamh a éileamh i leith táillí teagaisc