Táillí teagaisc íoctha le haghaidh oideachas tríú leibhéal

Srianta

Táillí a íoctha ag scoláireachtaí, deontais nó fostóirí

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh i leith táillí atá maoinithe ag:

  • deontais
  • scoláireachtaí
  • d'fhostóir.

Má fhaigheann tú páirt-mhaoiniú i dtreo táillí teagaisc, ní mór duit é a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a éilíonn tú faoiseamh cánach.

Táillí inaisíoctha

Má d'éiligh tú faoiseamh cánach i leith táillí teagaisc cheana féin agus go n-aisíocann an coláiste iad ina dhiaidh sin, ní mór duit scéala a thabhairt dúinn laistigh de 21 lá ón aisíocaíocht a fháil.

Cúrsaí fochéime

Chun cáiliú le haghaidh faoisimh, ní mór an cúrsa fochéime:

  • a chur i gcrích i gcoláiste faofa
  • a bheith ar siúl ar feadh dhá bhliain acadúla ar a laghad.

Cúrsaí iarchéime

Chun cáiliú le haghaidh faoisimh, ní mór an cúrsa iarchéime:

  • a chur i gcrích i gcoláiste faofa
  • a bheith ar siúl ar feadh bliain acadúil amháin ach nach faide ná ceithre bliana acadúla
  • críochnú le dámhachtain iarchéime bunaithe ar thráchtas nó ar scrúdú.

Chun faoiseamh a éileamh i leith úrsa iarchéime, ní mór fochéim nó cáilíocht choibhéiseach a bheith agat cheana féin.

Cáilíonn cúrsaí iarchéime in ollscoileanna agus in institiúidí ardoideachais i mBallstáit nach bhfuil san Aontas Eorpach (AE) atá maoinithe go poiblí nó creidiúnaithe go cuí le haghaidh faoisimh.

Ar aghaidh: Táillí teagaisc a íoc i dtráthíocaíochtaí