Táillí teagaisc íoctha le haghaidh oideachas tríú leibhéal

Táillí teagaisc a íoc i dtráthíocaíochtaí

Féadtar táillí teagaisc a íoc i dtráthíocaíochtaí. Féadtar, mar shampla, táillí teagaisc a íoc i leith cúrsa amháin thar dhá bhliain chánach.

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith na dtráthíocaíochtaí táillí teagaisc ar cheann amháin de na bealaí seo:

  • sa bhliain chánach a thosaigh an bhliain acadúil
  • sa bhliain chánach a d’íoc tú an tráthíocaíocht.

Má dhéanann tú éileamh i leith na bliana cánach inar íocadh an tráthíocaíocht, ní mór duit an tsuim neamhairde a bhaineann leis an mbliain sin a bhaint uaidh. Is iondúil go mbíonn buntáiste níos mó ann duit má éilíonn tú an faoiseamh sa bhliain chánach inar thosaigh an bhliain acadúil.

Ar aghaidh: Táillí teagaisc a íoc roimh ré