Táillí teagaisc íoctha le haghaidh oideachas tríú leibhéal

Cén chaoi a ríomhtar an faoiseamh?

Gheobhaidh tú faoiseamh ag an ráta caighdeánach cánach, is é sin 20%. Feidhmítear é seo ar iomlán na dtáillí cáilitheacha nuair atá an tsuim neamhairde bainte de.

Tabhair do d’aire

Féadtar táillí teagaisc a íoc i dtráthíocaíochtaí. Tugtar míniú i ‘Táillí teagaisc a íoc i dtráthíocaíochtaí’ ar an tionchar a bhíonn aige seo ar an gcaoi a ríomhtar faoiseamh.

Céard is táillí cáilitheacha ann?

Is éard is táille cháilitheach ann ná an tsuim a íocann tú i leith táillí teagaisc (ranníocaíocht an mhic léinn san áireamh). An t-uasmhéid a fhéadtar a éileamh ná €7,000 an duine an cúrsa.

Tá an t-uasmhéid €7,000 i bhfeidhm ar gach cúrsa do gach bliain acadúil.

Níl faoiseamh ar fáil le haghaidh táillí breise amhail na samplaí seo a leanas:

  • táillí riaracháin
  • tobhach an mhic léinn
  • muirear d’ionaid spóirt
  • tobhach Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Céard is suim neamhairde ann?

Tá gach éileamh faoi réir suim neamhairde aonair i leith gach bliain chánach. Baintear an tsuim seo ó iomlán do tháillí cáilitheacha. Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ach amháin ar an sciar de na táillí a bhfuil neamhaird déanta orthu.

Má d’íoc tú táillí i leith níos mó ná cúrsa nó mac léinn amháin, ná bain an tsuim neamhairde uaidh ach uair amháin. Is é an éifeacht atá aige seo ná go bhfaigheann éilitheoirí faoiseamh cánach iomlán ar tháillí cáilitheacha agus íocaíochtaí le haghaidh mic léinn ina dhiaidh sin. 

Tá suimeanna neamhairde éagsúla i gceist le haghaidh cúrsaí lánaimseartha agus cúrsaí páirtaimseartha. Is é an tsuim neamhairde ná €3,000 i leith cúrsa lánaimseartha agus €1,500 i leith cúrsa páirtaimseartha.

Féadfaidh sé gur íoc tú as cúrsaí lánaimseartha agus cúrsaí páirtaimseartha sa bhliain chéanna. Sa chás seo, ba chóir duit úsáid a bhaint as an tsuim neamhairde le haghaidh cúrsa lánaimseartha.

Faoiseamh le haghaidh níos mó ná cúrsa amháin

Féadfaidh sé go bhfuil níos mó ná cúrsa amháin tríú leibhéal á dhéanamh agat ag an am céanna. Níl aon srian ar líon na gcúrsaí a fhéadtar a chur san áireamh. Déanann tú éileamh i leith faoisimh ar shuim iomlán na dtáillí cáilitheacha a íocann tú. Tá gach cúrsa faoi réir uasmhéid €7,000.

Feidhmítear suim neamhairde aonair ar an éileamh.

Faoiseamh ar tháillí ag níos mó ná mac léinn amháin

Féadtar faoiseamh a éileamh ar tháillí teagaisc mic léinn amháin, nó breis agus mac léinn amháin. Níl aon teorainn ar an líon mac léinn ná líon na gcúrsaí a dhéanann siad, fad is a íocann tú na táillí. Tá an táille cháilitheach i leith gach cúrsa faoi réir uasmhéid €7,000.

Feidhmítear suim neamhairde aonair ar an éileamh.

Ar aghaidh: Srianta