Do thuairisceán cánach a thíolacadh
Léargas ginearálta
Is é Dé hAoine an 31 Deireadh Fómhair 2025 an spriocdháta Íoca agus Tíolactha do Thuairisceán Cánach Ioncaim 2024 (Foirm 11). Tá síneadh ama ann má íocann tú agus má thíolacann tú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Is é Dé Céadaoin an 19 Samhain 2025 an spriocdháta chun íocaíocht agus tíolacadh a dhéanamh ar ROS do Thuairisceán Cánach Ioncaim 2024 (Foirm 11). Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Revenue eBrief No. 116/24.
Cabhróidh an t-ábhar ar na leathanaigh seo leat do Thuairisceán Cánach Ioncaim le haghaidh 2024 a chomhlánú agus féinmheasúnú a dhéanamh. Tá físeáin chabhracha ar fáil maidir le:
Cinntigh go ndéanann tú an méid seo agus d'Fhoirm 11 á comhlíonadh agat:
- go gcomhlánaíonn tú an ‘Painéal Féinmhéasúnú Cánach Ioncaim’
- go gcomhlánaíonn tú an ‘Ráiteas ar Glandliteanas’
- agus
- go n-íocann tú ar ROS.
Rannán cabhrach ROS
Má tá aon cheisteanna agat agus an fhoirm á comhlíonadh agat, téigh chuig an an ‘Rannán Cabhrach’ ROS. Tá sé seo ar fáil ar bharr gach painéil ar an bhfoirm.
Teachtaireachtaí Rabhaidh nó Earráide
Nuair roghnaíonn tú ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’ ar d’Fhoirm 11, féadfaidh sé go bhfaighidh tú teachtaireacht rabhaidh. Tugtar é seo chun d’aird a tharraingt ar mhír nó ar iontráil sa tuairisceán a fhéadfaidh sé gur gá é a cheartú. Má tá an iontráil mícheart, ní mór duit dul siar agus é seo a leasú. Má tá an iontráil ceart, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus ‘Sábháil’ nó ‘Sínigh agus Tíolaic’.
Agus teachtaireacht earráide ar taispeáint, beidh cosc ort d’Fhoirm 11 a shábháil go dtí go gceartaítear an iontráil chuí. Taispeánfar an réimse duit a bhfuil an earráid inti. Féadfaidh sé gur gá dul siar chuig scáileán roimhe sin chun iontráil a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú.
Mar shampla, féadfaidh sé go mbeidh ort dul siar go dtí an Painéal ' Sonraí Pearsanta' chun bearna a chomhlíonadh.
Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim ar ROS (Bosca isteach)
Tá roinnt físeán ar an suíomh idirlín ina dtugtar míniú ar an tseirbhís Taifead Ioncaim do ghníomhairí agus do chustaiméirí.
Ar aghaidh: Príomhchéimeanna chun do thuairisceán cánach a thíolacadh