Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Cabhair le faoiseamh a éileamh i leith ranníocaíochtaí pinsin

Tabhair do d’aire

Tá ábhar an fhíseáin ar an leathanach seo cothrom le dáta cé go dtagraíonn siad don Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) do 2018. Is ionann na céimeanna a leanann tú agus d'Fhoirm 11 don bhliain 2023 á comhlánú agat.

Mínítear san fhíseán seo an chaoi lena n-éilítear faoiseamh i leith ranníocaíochtaí pinsin. Mínítear chomh maith an chaoi leis an áireamhán faoisimh pinsin a úsáid.

Tabhair do d’aire

Le cinntiú go bhfaigheann tú an faoiseamh ceart, ní mór duit do dháta breithe a chur isteach sa phainéal ‘Sonraí Pearsanta’.

Déantar faoiseamh á éileamh i leith Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise (ranníocaíochtaí RSB) sa phainéal ‘ÍMAT / Sochar Comhchineáil / Pinsin’.

Déantar faoiseamh á éileamh  i leith Conradh Blianachta Scoir, nó Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta sa phainéal ‘Muirir agus Asbhaintí’.

 

Ar aghaidh: Scair-roghanna