Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Cabhair le hioncam ÍMAT a thíolacadh

Tá ábhar an fhíseáin ar an leathanach seo cothrom le dáta cé go dtagraíonn siad don Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) do 2018. Is ionann na céimeanna a leanann tú agus d'Fhoirm 11 don bhliain 2024 á comhlánú agat.

Mínítear san fhíseán seo leagan amach an phainéil Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT). Mínítear chomh maith an chaoi lena ndéantar pá, cáin agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a réamhlíonadh.

Tabhair do d’aire

Tugtar an Creidmheas Cánach Fostaí anois ar an gCreidmheas Cánach ÍMAT. Más fostaí ÍMAT thú, is gá duit tic a chur sa bhosca cuí le cinntiú go bhfaigheann tú an creidmheas seo.

Ar aghaidh: Cabhair le faoiseamh a éileamh i leith ranníocaíochtaí pinsin