Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Príomhchéimeanna chun do thuairisceán cánach a thíolacadh

Tabhair do d’aire

Má d'athraigh tú do sholáthraí baincéireachta le déanaí, déan do shonraí bainc a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh íocaíochtaí cánach nó aisíocaíochtaí cánach. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Do shonraí bainc a thabhairt cothrom le dáta

Cabhróidh na céimeanna thíos leat do thuairisceán cánach a thíolacadh agus féinmheasúnú a dhéanamh.

Céim 1: Tíolaic ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh ROS. Má tá tú cláraithe cheana féin, seiceáil go bhfuil athnuachan déanta ar do dheimhniú ROS agus go bhfuil tú in ann logáil isteach ar ROS.

Céim 2: Bain úsáid as an Fhoirm 11 réamhlíonta ar líne ar ROS

Is ó fhoinsí éagsúla a thagann an fhaisnéis a áirítear ar Fhoirm 11 réamhlíonta. Féadfaidh tú a roghnú tuairisceán réamhlíonta a chomhlánú ar ROS ar líne nó ROS as líne.

Figiúirí ó d'Fhoirm 11 le haghaidh 2022 (má tíolacadh é)

Níl ort na figiúirí seo a athrú ach amháin má tá siad éagsúil in 2022. Sa chás nár athraigh an fhaisnéis, níl aon rud le déanamh agat. 

Is leid í an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar thuairisceán réamhlíonta chun cabhrú leat. Mar sin féin, caithfidh tíolaiceoir na luachanna réamhlíonta sna réimsí ábhartha ar thuairisceán réamhlíonta a dheimhniú nó a bhailíochtú. Is é seo an bunús d’fhéinmheasúnaithe. Sainaithnítear gach painéal ina bhfuil sonraí réamhlíonta le tic buí sa gcluaisín ar thaobh na láimhe clé. Athraíonn an tic buí go dtí bán nuair a nuashonraítear an painéal. Ní mór gach painéal le tic buí a nuashonrú sular féidir leis an tíolaiceoir ROS an tuairisceán a shíniú agus a thíolacadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus miondealú ar na painéil seo, féach Aguisín 2 Treoirleabhar Cánach & Dleachta 38-01-04F.

Ioncam iarbhír agus liúntais a d’éirigh aníos in 2022

Aon ioncam fostaíochta atá faoi réir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT), Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a asbhaint.

Do chostais leighis (sa chás gur bhain tú úsáid as an Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim).

Beidh na suimeanna seo a leanas le feiceáil i dtábla in aice leis an rannán ar an Fhoirm 11 (is gá duit na figiúirí a chur isteach sa bhosca ceart):

Ní mór do ghníomhairí agus bainisteoirí ligin áitribh, idirghabhálaithe idirlín san áireamh, Foirm 8-3 a thíolacadh. Má tíolacadh Foirm 8-3 ar do shon don bhliain roimhe seo, feicfear teachtaireacht mar mheabhrúchán chun d’ioncam ó chíos a dhearbhú.

Mínítear san fhíseán seo an chaoi leis an Fhoirm 11 ar líne a oscailt agus an fhoirm réamhlíonta a roghnú:

Tabhair do d'aire

Tá ábhar na bhfíseán ar an leathanach seo cothrom le dáta cé go dtagraíonn siad don Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) do 2018. Is ionann na céimeanna a leanann tú agus d'Fhoirm 11 le haghaidh 2022 á comhlánú agat. 

Céim 3: Déan d’fhéinmheasúnú

Beidh ríomh ar do dhliteanas agus teimpléad de d’fhéinmheasúnú ar an Fhoirm 11. Chun d’fhéinmheasúnú a dhéanamh, níl le déanamh agat ach aontú leis na figiúirí seo. Ní gá duit aon ríomh a dhéanamh ar Cháin Ioncaim, ÁSPC ná MSU. 

Mura n-aontaíonn tú leis an ríomh ROS, beidh ort do mheasúnú féin a dhéanamh.

Nuair atá an fhoirm comhlánaithe agat, cliceáil ar an gcluaisín ‘Sínigh agus Tíolaic’.

Mínítear san físeán seo an chaoi leis an bpainéal féinmheasúnaithe iomlán a chomhlánú:

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go bhfuil formhuirear dlite le híoc agat faoi Alt 1084, mar gheall ar neamhchomhlíontacht leis an gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ). Má tá, ní mór duit an tsuim a chur isteach ag (g) ar an bpainéal féinmheasúnaithe.

Mura bhfuil tú comhlíontach ó thaobh CMÁ, feicfear teachtaireacht formhuirear CMÁ nuair a osclaítear tuairisceán. Cuirfidh sé seo in iúl duit do chomhlíontacht ó thaobh CMÁ tíolactha agus dualgais íocaíochta a sheiceáil sula dtíolacfar do thuairisceán Cánach Ioncaim. Mura bhfuil tú comhlíontach ó thaobh CMÁ sula dtíolacfar do thuairisceán Cánach Ioncaim, cuirfear tús le formhuirear CMÁ.

Céim 4: Ráiteas ar Ghlandliteanas

Comhlánaigh do ‘Ráiteas ar Ghlandliteanas’ agus íoc ar ROS.

Céim 5: Seol do thuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim

Ní mór duit do phasfhocal a chur isteach arís sa bhosca ‘Sínigh agus Tíolaic’ chun an tuairisceán a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Cabhair le hioncam ó fhéinfhostaíocht a chomhlánú