Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Scair-roghanna

Féadfaidh sé go bhfuair tú scaireanna ar luach níos lú ná a luach margaidh faoi Scéim Neamhcheadaithe Scair-Roghanna. Má fuair, tá tú faoi dhliteanas Cáin Ioncaim a íoc ar an ngnóthachan ioncaim a tháinig aníos. Is éard is glanghnóthachan ann ná an difríocht idir an luach margaidh ar an dáta feidhmithe, agus an praghas a íocadh (más ann dó) chun na scaireanna sin a fháil.

Gnóthachain ar scair-roghanna réadaithe ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis

Féadtar gnóthachan a réadú trí scair-roghanna a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh. Má dhéanann tú amhlaidh, ar an 1 Eanáir 2024, nó dá éis, tabharfaidh d'fhostóir cuntas ar an méid a leanas tríd an bpárolla  

  • Cáin Ioncaim
  • Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
  • Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Ní bheidh ort Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh maidir leis an imeacht seo.

Tabhair do d'aire

Féadtar eolas a fháil faoi ghnóthachain ar scairroghanna a réadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 sa rannán Scéimeanna Scair-roghanna neamhcheadaithe.