Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Cabhair le hioncam cíosa de chuid tiarnaí talún neamhchónaitheacha a thuairisciú

Féadfaidh tionónta nó gníomhaire bailithe cáin iarchoimeádta díbhinne a asbhaint trí úsáid a bhaint as an gcóras Cánach Shiarchoinneálach do Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT). Má tharlaíonn sé seo agus gur tusa an tiarna talún neamhchónaitheach, féadfaidh tú tuairisceán cánach ioncaim Éireannach a thíolacadh i ndáil leis an ioncam sin.

Féadtar an córas NLWT a úsáid chun féachaint ar na creidmheasanna cánach iarchoimeádta, agus iad a éileamh. Nuair a éilítear iad, déanfar na creidmheasanna seo a réamhlíonadh ar d'fhoirm 11.

Má roghnaíonn gníomhaire bailithe gan an córas NLWT a úsáid, fanann siad inmhuirir agus inmheasúnaithe i leith cánach ar d'ioncam. Ní mór dóibh:

  • tuairisceán cánach ioncaim Éireannach a thíolacadh ag dearbhú an ioncam cíosa Éireannach
  • agus
  • an dliteanas cánach gaolmhar a íoc.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar do dhualgais chánach, féach tiarnaí talún neamhchónaitheacha.

Ar aghaidh: Cabhair le hioncam ÍMAT a thíolacadh