Cianobair ón mbaile

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) agus Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)

Má tá cuid de do theach féin á úsáid agat chun críocha cianoibre, ní bheidh tionchar aige seo ar d’Fhaoiseamh i leith Príomháit Chónaithe Phríobháideach le haghaidh CGC.

Ní bhfaighidh tú laghdú ar CMÁ dlite má úsáideann tú seomra i d’áit chónaithe chun gníomhaíochtaí a bhaineann le hobair a chur i gcrích.