Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe (ERR) ón 1 Eanáir 2024

Fáisnéis is gá a thuairisciú

Beidh feidhm ag céim 1 maidir le haon íocaíochtaí a dhéanann tú le fostaí nó stiúrthóir faoi na catagóirí seo a leanas:

Díolúine i leith sochar beag

Ní mór duit sonraí a thíolacadh maidir le dáta íoctha agus luach an tsochair seo.

Liúntas cianoibre laethúil

Nuair atá Liúntas Cianoibre laethúil á íoc agat, ní mór duit an méid seo a leanas a thuairisciú:

  • líon iomlán na laethanta
  • an tsuim a íocadh.
  • agus
  • an dáta íoctha

Taisteal agus cothú

Ní mór na míreanna Taisteal agus cothaithe seo a leanas a thíolacadh, lena n-áirítear an dáta a íoctha agus suim gach íocaíocht maidir le:

  • taisteal deimhnithe
  • taisteal gan deimhniú
  • cothú deimhnithe
  • cothú gan deimhniú
  • fostaithe suíomh-bhunaithe (lena n-áirítear ‘Airgead tíre’)
  • taisteal éigeandála
  • agus
  • ag ithe ar an láthair.

Ar aghaidh: Sonraí íocaíochta a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim