Taisteal agus cothabháil

Turais ghnó

Is éard atá i gceist le taisteal gnó ná nuair a thaistealaíonn fostaí ó áit oibre amháin go háit oibre eile mar chuid dá gcuid dualgas. Áirítear leis seo:

  • taisteal idir Éirinn agus tíortha eile
  • taisteal chuig áit nach í a ngnátháit oibre.

Le haghaidh taistil ghnó, tógtar ceann de na faid seo a leanas, cibé acu is ísle chun an fad i gciliméadar a ríomh:

  • an fad idir baile an fhostaí agus an áit oibre shealadach
  • an fad idir gnátháit oibre an fhostaí agus an áit oibre shealadach.

Is é taisteal príobháideach féin an fhostaí atá i gceist le taisteal chuig agus uaidh an ionad oibre. Ní turas gnó atá ann.

Ar aghaidh: Rátaí aisíocaíochta