Míreanna nach gcaitear leo mar phá

Rothair a sholáthar do stiúrthóirí agus fostaithe

Faoin Scéim um Rothaíocht chun na hOibre, ceadaítear duit rothair agus trealamh sábháilteachta a cheannach le haghaidh do chuid fostaithe. Ní sochair chomhchineáil incháinithe iad earraí a cheannaítear faoin scéim.

Ní mór do na hearraí a cheannaítear faoin scéim seo an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • ní mór iad a chur ar fáil do na fostaithe agus do na stiúrthóirí uile
  • ní mór iad a úsáid le haghaidh turais cháilitheacha
  • ní mór go gcosnódh siad méid nach mó ná €1,500 an fostaí le haghaidh rothar leictreach nó €1,250 le haghaidh rothair eile (is sochar comhchineáil é aon bharrachas)
  • ón 1 Eanáir 2023, áirítear rothair lastas nach gcosnaíonn níos mó ná €3,000 sa scéim um rothaíocht chun na hoibre
  • ní mór gur tusa a cheannaigh iad (níl feidhm leis an díolúine seo sa chás go ndéantar cúiteamh le fostaí nó le stiúrthóir).

Ní fhéadtar leas a bhaint as an scéim seo ach uair amháin gach ceithre bliana. Má chaitheann tú níos lú ná an teorainn cuí ar fhostaí in aon bhliain amháin, ní fhéadtar an difear a chúiteamh sna trí bliana eile den scéim. Is sochar comhchineáil iad rothair agus trealamh sábháilteachta a cheannaítear sna blianta seo, is cuma an costas. Is é an chéad bhliain an bliain cánach ina sholáthraítear an rothar.

Féadfaidh sé go ndéanann tú comhaontú le do chuid fostaithe an scéim um rothaíocht chun na hoibre a oibriú le comhaontú géillte tuarastail. Féadtar íocaíochtaí a roinnt thar 12 mhí faoin gcomhaontú seo.

Féadann fostaithe atá bunaithe sa bhaile páirt a ghlacadh sa scéim má úsáidtear an rothar le haghaidh turais a bhaineann leis an obair. Má fhágann an fostaí nó má théann an fostaí ar scor, ba chóir don fhostaí an t-iarmhéid amuigh a íoc roimh an dáta fágála nó scoir.

Féadtar an trealamh a cheannach ó aon siopa rothar. Má cheannaíonn tú an trealamh thar lear, ní mór na sonraisc a bheith in euro. Áirítear táillí seachadta mar chuid den chostas.

Céard is turas cáilitheach ann?

Le go mbeidh turas incháilithe, ní mór don fhostaí:

  • an rothar a úsáid le haghaidh an turais uile nó le haghaidh cuid den turas chuig agus ón obair
  • sonrú a thabhairt i scríbhinn go bhfuil an rothar ann dá n-úsáid féin agus go mbainfear úsáid as le haghaidh na hoibre.

Ní iarrtar ort súil a choinneáil ar úsáid an rothair.

Rothair agus trealamh sábháilteachta incháilithe

Féadann na rothair agus an trealamh seo a leanas cáiliú le haghaidh na scéime:

  • rothair troitheán agus trírothaigh
  • rothair leictreacha (rothair le cumhacht leictreach a dteastaíonn iarracht chun iad a chur ag gluaiseacht)
  • rothair lasta agus rothair leictreacha lasta
  • clogaid rothaíochta clúdaithe faoin gcaighdeán Eorpach EN 1078
  • cloigíní agus bonnáin bholgáin
  • soilse, pacaí dineamó san áireamh
  • scátháin agus pludghardaí
  • fáiscíní rothair agus gardaí gúnaí
  • painnéir, iompráin bhagáiste agus strapaí
  • glais agus slabhraí
  • teannairí agus fearais deisithe poill
  • éadaí frithchaiteacha agus frithchaiteoirí rothair
  • trealamh eile sábháilteachta.

Ní cheadaítear na hearraí seo a leanas:

  • móipéidí nó scútair
  • rothair nó trealamh dara láimhe
  • codanna rothair nó trealamh bainteach.

Cáin Bhreisluacha (CBL) ar rothair nó trealamh sábháilteachta a ceannaíodh

Ní mór duit CBL a íoc ar rothair nó ar threalamh sábháilteachta a cheannaítear le haghaidh do chuid fostaithe. Ní fhéadtar CBL a éileamh ar ais ar an ábhar nach n-úsáidtear an trealamh chun críocha soláthairtí incháinithe.

Taifid fostóirí

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mar chuid de ghnáthchigireachtaí, scrúdú a dhéanamh ar gach taifead i dtaca leis an scéim seo.

Má loictear an scéim a oibriú mar is ceart, tarraingeofar na sochair siar uait agus ó d’fhostaí.