Míreanna nach gcaitear leo mar phá
Aisíocaíocht costas
Féadfaidh sé go dtabhódh fostaí costais mar chuid dá n-obair. Folaíonn sé seo costais chothaithe, tiomána, rothaíochta nó costais eile. Ón 1 Eanáir 2024, ní mór íocaíochtaí gan cháin le fostaí, a bhaineann le taisteal agus cothabháil, a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a dhéantar an íocaíocht. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe (ERR).
Costais chothabhála
Féadfaidh sé go mbeidh ar fostaí dualgais na fostaíochta a chomhlíonadh le linn dóibh a bheith:
- ar shiúl go sealadach óna ngnátháit oibre
- nó
- thar lear ar obair eachtrach.
Is féidir le fostóir aon chostais chothabhála a tabhaíodh le linn dóibh na dualgais seo a chomhlíonadh a aisíoc. Is féidir le fostóirí é seo a dhéanamh ar bhonn ceann acu seo a leanas:
- liúntais chothromráta inghlactha
- nó
- costais iarbhír a dheimhnítear le hadmhálacha.
Ní cheadaítear íocaíochtaí cothabhála saor ó cháin i leith neamhláithreachtaí sealadacha ag láthair atá laistigh d'achar 8 km ó ionad oibre nó ó theach an fhostaí.
Liúntais cothromráta inghlactha
Is féidir le fostóir na costais seo a aisíoc leis an bhfostaí ach úsáid a bhaint as:
- rátaí cothabhála na Státseirbhíse
- rátaí nach mó ná rátaí na Státseirbhíse
- sceideal eile rátaí arna fhoilsiú ag na Coimisinéirí Ioncaim (faoi réir aon choinníollacha a bheith in éineacht leis, mar shampla, ‘airgead tíre’).
Ní theastaíonn ceadú na gCoimisinéirí Ioncaim ón bhfostóir chun na rátaí seo a úsáid.
Chun costais a aisíoc bunaithe ar aon sceideal eile rátaí agus na coinníollacha bainteacha leo, is gá ceadú a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Costais iarbhír a dheimhnítear le hadmhálacha
Is féidir le fostóir na costais iarbhír a thabhaigh an fostaí a aisíoc leo. Ní chaitear leis na híocaíochtaí seo mar phá chun críocha cánach sa chás:
- gur thabhaigh fostaí iad go hiomlán, go heisiach, agus de riachtanas, le linn dóibh dualgais a bhfostaíochta a chomhlíonadh
- gur aisíocadh na costais leis an bhfostaí ar bhonn admhálacha deimhnithe.
Costais tiomána nó rothaíochta
Ní cheadaítear, chun críocha cánach, costais taistil ó bhaile an fhostaí chuig an ionad oibre ná uaidh. Ní mór caitheamh le haisíocaíocht na gcostas seo mar phá, agus cáin a ghearradh orthu dá réir.
Féadfaidh an fostaí a gcarr príobháideach, a ngluaisrothar nó a rothar a úsáid chun críocha gnó. Féadtar na costais incheadaithe seo a aisíoc leis an bhfostaí saor ó cháin:
- de bhun liúntais ciliméadair cothromráta
- de bhun na costais iarbhír a tabhaíodh.
Tá dhá chineál scéimeanna liúntais ciliméadair ann atá inghlactha chun críocha cánach:
- rátaí Státseirbhíse
- aon sceideal eile le rátaí nach mó ná na rátaí Státseirbhíse.
Má aisíocann tú costais iarbhír an taistil le fostaí, ní chaithfear leis na híocaíochtaí sin mar phá chun críocha cánach, sa chás:
- go raibh gá don fhostaí na costais a íoc chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh
- gur aisíocadh na costais leis an bhfostaí ar bhonn admhálacha deimhnithe.
Féadann fostaí éileamh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim i leith aon chostais taistil nár aisíoc an fostóir. Sa chás gur costais mótair iad na costais, ba chóir don fhostaí an Fhoirm éilimh i leith costais chairr a úsáid.
Costais eile
Féadfaidh sé go bhfuil costais oibre eile ag fostaí seachas costais chothabhála agus costais tiomána nó rothaíochta. Má aisíocann an fostóir na costais seo, ní chaithfear leo mar phá chun críocha cánach sa chás:
- gur thabhaigh an fostaí iad go hiomlán, go heisiach agus de riachtanas le linn dóibh dualgais a bhfostaíochta a chomhlíonadh
- gur aisíocadh na costais leis an bhfostaí ar bhonn admhálacha deimhnithe.
Ní mór go gcaithfeadh an fostóir le gach costas siamsaíochta mar phá.
Tabhair do d'aire
Féadfaidh fostaí cinneadh a dhéanamh chun costais agus liúntais a éileamh go pearsanta a léireodh na costais iarbhír a thabhaigh siad. Sa chás go dtarlaíonn sé seo agus go bhfuil na costais cúitithe ag an bhfostóir, caithfear leis na suimeanna a d’íoc an fostóir mar thuarastal inchánach.
Ar aghaidh: Aisíocaíochtaí ranníocaíochtaí pinsin