Céard a bhíonn san áireamh le pá

Costais agus taisteal

Íocaíochtaí i leith costais taistil

Má dhéanann fostóir íocaíochtaí le fostaithe i leith turais neamhghnó, is gnách cáin a ghearradh air seo mar phá. Meastar gur turas neamhghnó é taisteal chuig an áit oibre agus ar ais uaidh.

Má tá carr cuideachta ag fostaí, agus má dhéanann fostóir íocaíochtaí i leith costais reatha an chairr, beidh na costais seo:

Má dhéanann fostóir íocaíochtaí i leith taisteal gnó, ní ghearrtar cáin ina leith seo mar phá de ghnáth. Ní mór an íocaíocht a dhéanamh de réir na dtreoirlínte a leagtar amach sa rannán Taisteal agus cothabháil.

Táillí tacsaí a íoc

Sa chás go n-íocann an fostóir táillí tacsaí dá bhfostaithe i leith turais neamhghnó, gearrtar cáin air seo mar phá de ghnáth . Má roinneann níos mó ná fostaí amháin an tacsaí, ba chóir an tsuim incháinithe a roinnt go cothrom.

Sa chás go bhfuil aon cheann díobh seo a leanas i gceist, ní pá inchánach iad táillí tacsaí a íocann fostóir:

1. Iompar tacsaí a sholáthar ar bhonn neamhrialta

  • caithfidh fostaí oibriú go dtí tar éis 22.00 agus críochnú roimh 06.00
  • is le haghaidh turas ón obair chuig an mbaile amháin a íoctar an tacsaí
  • agus
  • cuirtear ar fáil iad go neamhrialta (gan níos mó ná 60 turas sa bhliain).

Ní bhaineann an díolúine seo le daoine aonair a oibríonn go déanach mar chuid dá ngnáthphatrún oibre.

2. Iompar tacsaí a sholáthar d’fhostaí faoi mhíchumas

Sa chás go bhfuil aon cheann díobh seo a leanas i gceist le d’fhostaí, ní pá inchánach na táillí tacsaí a íocann fostóir:

  • míchumas a bhfuil tionchar suntasach agus fadtéarmach aige ar chumas an fhostaí gnáthghníomhaíochtaí laethúla a chur i gcrích
  • deacrachtaí le hiompar poiblí a úsáid.

Baineann sé seo le turais chuig an obair agus ar ais ón obair araon. Chomh maith leis sin, sa chás go n-éiríonn ball foirne tinn agus go seoltar abhaile iad i dtacsaí, ní pá incháinithe é.

Pas taistil a íoc

Má chuir fostóir pas taistil ar fáil do d’fhostaí, féach Pasanna saorthaistil nó aermhílte le haghaidh tuilleadh eolais.

Seirbhís bus a sholáthar

Má chuireann fostóir seirbhís bhus ar fáil chun fostaithe a iompar chun na hoibre agus ón obair, ní ghearrfar cáin ina leith mar phá má bhaineann an méid seo a leanas leis an tseirbhís:

  • má tá siad ar fáil d’fhostaithe, is cuma cé acu an úsáideann nó nach n-úsáideann siad é
  • le haghaidh turais idir an baile agus an obair
  • le haghaidh turais idir áiteanna oibre.

Suimeanna eile

Féadann fostóir íocaíochtaí eile a dhéanamh le fostaithe, amhail:

Ní mór do fhostóir caitheamh leis na híocaíochtaí seo mar phá, agus cáin a ghearradh orthu ar an ngnáthbhealach.

Tabhair do d'aire

Má fostaithe seisíní go díreach ó chustaiméirí, ní mór dóibh an t-ioncam sin a dhearbhú ar a dtuairisceáin chánach.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí cnapshuime