Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)

Rátaí eile MSU

Ioncaim Neamh-Íoc Mar a Thuillir (neamh-ÍMAT) os cionn €100,000

Tá formhuirear MSU 3% ann más mó d’ioncam neamh-ÍMAT ná €100,000 sa bhliain.

Bónais áirithe bainc

Baineann ráta MSU 45% leis an líon iomlán de bhónais áirithe bainc.

Bainfidh sé seo leat más fostaí de chuid institiúid airgeadais thú a fuair tacaíocht airgeadais ón Rialtas, lena n-áirítear:

  • Bainc-Aontas Éireann
  • Banc Angla-Éireannach
  • Banc na hÉireann
  • An Cumann Oideach Foirgníochta
  • Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann.

Más ionann nó níos lú ná €20,000 sa bhliain na híocaíochtaí, bíonn feidhm leis na rátaí caighdeánacha MSU.

Formhuirear faoisimh maoine

Baineann ráta breise MSU 5% le hioncam incháinithe atá  ‘dídeanaithe’ ag faoisimh dreasachta maoine nó ceantar-bhunaithe. Áirítear leis seo gach ceann de na faoisimh chaipitil maoin-bhunaithe agus an faoiseamh do léasóirí cónaithe ar a dtugtar Section 23 Relief. Baineann an formhuirear seo le:

  • liúntais chaipitil a dhéantar nó a thugtar ar aghaidh chuig an mbliain chánach 2012 agus aon bhliain chánach ina dhiaidh sin
  • aon chaillteanais a thugtar ar aghaidh chuig 2012 nó chuig bliain ina dhiaidh sin a bhfuil faoiseamh de chineál alt 23 dlite air.

Ní bhíonn feidhm leis an bhformhuirear faoisimh maoine más lú ná €100,000 d’ioncam comhlán.

Ar aghaidh: Do MSU a ríomh