Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)

Rátaí laghdaithe MSU

Beidh rátaí laghdaithe MSU i bhfeidhm má tá d’ioncam €60,000 nó níos lú, agus:

  • tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine
  • tá Cárta Leighis iomlán agat  (nach Cárta Cuairte Dochtúra é).

Má tá cárta leighis agat, agus tá ioncam de €60,000 nó níos lú agat, tá ort teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun an ráta laghdaithe a fháil.

Beidh na rátaí laghdaithe i bhfeidhm don bhliain ar fad:

  • nuair a bhaineann tú aois 70 amach, agus tá d’ioncam €60,000 nó níos lú
  • nuair a bhíonn cárta leighis iomlán agat ag am ar bith i rith na bliana.

Tabhair do d'aire

Má tá d’ioncam níos mó ná €60,000, tá feidhm ag na rátaí caighdeánacha MSU le d’ioncam iomlán. Ní fhéadtar leas a bhaint as na rátaí laghdaithe.

Rátaí laghdaithe

Is iad seo na rátaí laghdaithe do 2024:

  • 0.5% ar an gcéad €12,012
  • 2% ar an iarmhéid.
Rátaí laghdaithe stairiúla
BliainRátaí laghdaithe ar an gcéad €12,012   Rátaí laghdaithe ar an iarmhéid
2023  0.5%  2%
2022  0.5%  2%
2021  0.5%  2%
2020  0.5%  2%
2019  0.5%  2%

Ar aghaidh: Rátaí eile MSU