Seirbhísí cúram leanaí

Má sholáthraíonn tú seirbhísí cúraim leanaí i do theach féin, féadfaidh tú faoiseamh do sheirbhísí cúraim leanaí a éileamh gach bliain. D’fhonn cáiliú ní mór duit:

  • gan níos mó ná €15,000 sa bhliain a thuilleamh ón gníomhaíocht chúraim leanaí
  • a bheith ag soláthar na seirbhíse i do theach féin
  • gan a bheith ag tabhairt aire do níos mó ná triúr leanaí, agus iad níos óige ná 18 bliain d’aois, ag aon am amháin
  • a bheith féinfhostaithe agus cláraithe le haghaidh féinmheasúnú
  • a thaispeáint go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) curtha ar an eolas agat gur sholáthair tú, go bhfuil tú ag soláthar, nó go mbeidh tú ag soláthar seirbhísí cúraim leanaí
  • agus
  • an t-ioncam ón tseirbhís cúraim leanaí a áireamh i d’fhoirm 11, an áit a n-éilíonn tú an faoiseamh.

Má sholáthraíonn duine eile seirbhísí cúraim leanaí in éineacht leat i do theach féin, roinntear an teorainn ioncaim €15,000 idir an bheirt agaibh.

An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh

Áirigh an t-ioncam ón tseirbhís cúraim leanaí ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11). Ní mór duit an faoiseamh a éileamh ar, nó roimh, dáta dlite an tuairisceán cánach, 31 Deireadh Fómhair.