Mic léinn

Tabhair do d’aire

Níl aon ghá leis na Coimisinéirí Ioncaim a chur in iúl gur mac léinn thú. Níl aon tionchar ag do stádas mar mhac léinn ar an gcaoi a ngearrtar cáin ort.

Céard is gá a bheith ar eolas agat faoi chánacha?

Má tá tú ar scoil nó ar an gcoláiste, féadfaidh sé go bhfuil ceisteanna agat faoi do chéad phost agus cáin a íoc. Beidh eolas sa rannán seo air seo.

Féach an rannán Céard is ÍMAT ann? chun tuilleadh eolais a fháil maidir le cáin a íoc.

Céard air a n-íoctar cáin?

Íoctar cáin ar an airgead iomlán a thuilleann tú ó do phost. Folaíonn sé seo ragobair, bónais agus pá neamhairgid (féach ar Cháin ar shochair fostóra). Braitheann an tsuim chánach a íocann tú ar an tsuim a íoctar leat agus ar an méid creidmheasanna cánach atá agat.

Ní íoctar aon cháin ar an méid seo:

  • ioncam ó scoláireacht
  • ús ó Chairteacha Choigiltis, Bannaí Coigiltis agus Scéimeanna Náisiúnta Coigiltis Infheistíochta le An Post
  • íocaíochtaí do scéimeanna pinsin.

Do chéad phost a thosú

Féadfaidh sé go dtosóidh tú ag obair den chéad uair agus tú i do mhac léinn. Féadfaidh sé gur post páirtaimseartha é, nó post lánaimseartha má tá tú ar shocrúchán íoctha.

Féach an rannán ar Do chéad phost a thosú le haghaidh sonraí ar céard is gá duit a dhéanamh chun do chéad phost a chlárú.

Post a fhágáil chun freastal ar an gcoláiste nó ar scoil

Má fhágann tú post chun filleadh ar oideachas lánaimseartha, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal aisíocaíocht chánach a éileamh. Féach an rannán ar Thréimhsí dífhostaíochta chun tuilleadh eolais a fháil ar céard atá le déanamh nuair a fhágann tú post.

Táillí teagaisc don choláiste

Má íocann tú táillí chun freastal ar an gcoláiste, ar an ollscoil nó ar chúrsa oiliúna, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann faoiseamh a éileamh. Má tá duine eile ag íoc na dtáillí seo ar do shon, féadfaidh siadsan an faoiseamh a éileamh. Féach an rannán ar Tháillí teagaisc chun tuilleadh eolais a fháil ar céard a fhéadtar a éileamh agus céard iad na cúrsaí atá incháilithe.

Éire a fhágáil chun dul ag obair thar lear

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag fágáil na hÉireann chun dul ag obair i dtír eile. Beidh tionchar ar do cháin ag brath ar an dáta a fhágann tú an post agus ar an achar ama a chaitheann tú ag obair thar lear.

Féach an rannán ar Éire a fhágáil chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a bhféadtar tionchar a imirt ar do chuid cánacha má fhágann tú Éire.

Teacht go hÉirinn chun dul ag obair

Féadfaidh sé gur tháinig nó go bhfuil tú ag teacht go hÉirinn chun cónaí agus obair. Tá tuilleadh eolais air seo sa rannán ar Bhogadh go hÉirinn nó filleadh ar Éirinn.

TAXEDU

Is tionscadal píolótach de chuid an Aontais Eorpaigh é TAXEDU. Féadtar féachaint ar suíomh idirlín TAXEDU chun cabhrú leat foghlaim níos mó faoi cháin agus an tionchar atá aici ar do shaol. Cuireann sé eolas ar fáil duit ar bhealach spraíúil, lena n-áirítear físeáin ghearra bheochana agus cluichí idirghníomhacha.