Scairscéimeanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Sábháil Mar a Thuillir (SMAT)

Féadann d’fhostóir scair-roghanna a bhronnadh ort faoi scéim scair-roghanna cheadaithe bunaithe ar choigiltis. Más ea, beidh tú díolmhaithe ó Cháin Ioncaim ar aon ghnóthachan a dhéanann tú i bhfeidhmiú na roghanna. Tá sé seo ar an gcoinníoll nach bhfeidhmíonn tú na scair-roghanna taobh istigh de thrí bliana tar éis iad a fháil.

Na príomhghnéithe

Tá dhá ghné sa scéim seo:

  • scéim dheimhnithe coigilteas conarthach
  • scéim cheadaithe scair-roghanna bunaithe ar choigiltis.

Úsáidtear an scéim coigiltis chun ceannachán na scaireanna a leithdháileadh faoin scéim scair-rogha a mhaoiniú.

Scéim coigilteas

Má roghnaíonn tú páirt a ghlacadh sa scéim, ní mór duit conradh coigiltis a dhéanamh. Féadann d’fhostóir conradh coigiltis trí bliana, cúig bliana nó seacht mbliana a thairiscint duit.

Féadtar idir €12 agus €500 sa mhí a choigilt. Asbhainfidh d’fhostóir suim na gcoigilteas ó do thuarastal glan. Ansin cuirfear do choigiltis i dtaisce i mbanc nó in institiúid cheadaithe coigilteas.

Ní mór an tsuim a chuireann tú i dtaisce a bheith dóthanach chun na scaireanna a cheannach ag praghas na rogha a leagann d’fhostóir síos. Leagann d'fhostóir praghas na rogha síos sula dtosaíonn tú ag sábháil. Féadtar é a shocrú ag lascaine suas le 25% de luach margaidh na scaireanna ar an dáta a ceadaíodh an rogha.

Beidh aon ús nó bónas a íoctar ar na coigilteas seo díolmhaithe ó Cháin Ioncaim agus ón Cháin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT).

Scéim scair-roghanna

Nuair a bheidh an tréimhse coigilteas thart, féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh an dteastaíonn uait do rogha na scaireanna a cheannach a fheidhmiú.

Má chinneann tú gan do rogha a fheidhmiú, tabharfaidh an banc nó an institiúid coigilteas do choigiltis ar ais duit. Féadtar an coigilteas iomlán a thógáil amach saor ó cháin.

Cánachas ar fheidhmiú rogha

Má roghnaíonn tú do rogha a chur i bhfeidhm ag deireadh na tréimhse coigilteas, ní bheidh ort Cáin Ioncaim a íoc ar aon ghnóthachan a dhéanann tú.

Ní mór duit an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ina leith seo. Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí cuí tríd an bpárolla agus íocfaidh an cháin go díreach leis an Ard-Bhailitheoir.

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Má dhiúscraíonn tú do scaireanna, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dliteanas Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú nach bhfuil cáin dlite. Ní dhéanann d’fhostóir aon asbhaint chánach nó an diúscairt a thuairisciú ar do shon.

Nuair atá an gnóthachan inmhuirir á ríomh agat, úsáidtear praghas an rogha mar do chostas fála.