Scairscéimeanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Iontaobhais Scairúinéireachta d'Fhostaithe (ESOT)

Féadann cuideachta ESOT a shocrú suas le scaireanna a chur ar fáil dá gcuid fostaithe. Féadtar scaireanna a choinneáil san iontaobhas ar feadh suas le 20 bliain. Go dtí seo, is iad comhlachtaí Stáit agus leathStáit shocraigh ESOT suas.

De ghnáth, socraítear ESOT suas in éineacht le Scéim Cheadaithe Roinnte Brabúis (SCRB). Féadtar na scaireanna a fhaightear leis an ESOT a aistriú tríd an SCRB ar bhealach saor ó cháin chuig fostaithe incháilithe faoi rialacha SCRB.

Cánacha ar scaireanna

Tá íocaíochtaí a fhaightear ón ESOT incháinithe. Ní íocfaidh tú Cáin Ioncaim ar ghnáthscaireanna trí SCRB suas le luach:

  • €12,700
  • €38,100 (i gcúinsí an-teoranta).

Íocfaidh tú an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar dhámhachtainí scaireanna. Ní mór na scaireanna a choinneáil in iontaobhas ar feadh tréimhse sonraithe le go bhfeidhmeofar an faoiseamh Cánach Ioncaim.

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Má dhiúscraíonn tú do scaireanna, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dliteanas Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC). Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú nach bhfuil cáin dlite. Ní dhéanann d’fhostóir aon asbhaint chánach nó an diúscairt a thuairisciú ar do shon.

CGC ar scaireanna a aistríodh chuig SCRB

Féadfaidh sé gur aistríodh do scaireanna chuig SCRB. Má aistríodh, beidh ort do chostas fála a ríomh chun do chuid gnóthachan caipitiúil a ríomh. Bain luach margaidh na scaireanna nuair a aistríodh ó ESOT chuig an SCRB den chéad uair ó fháltais na diúscartha.

Ar aghaidh: Sábháil Mar a Thuillir (SMAT)