Scairscéimeanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe (SBRC)

Má oibríonn d’fhostóir SBRC, féadfaidh siad scaireanna saor ó Cáin Ioncaim a leithdháileadh ort, chomh fada is a bhaineann tú coinníollacha áirithe amach.

Na príomhghnéithe

Féadfaidh d’fhostóir scaireanna suas go huasteorainn bhliantúil €12,700 a leithdháileadh ort. Ní mór na scaireanna leithdháilte ort a bheith i seilbh in iontaobhas bunaithe ag d’fhostóir. Ní mór na scaireanna a bheith i seilbh ar feadh tréimhse choinneála sainithe (dhá bhliain, de ghnáth). Má fhágann tú na scaireanna san iontaobhas ar feadh trí bliana, beidh tú díolmhaithe ó Cháin Ioncaim.

Féadfaidh d’fhostóir cead a thabhairt duit do bhónas bliantúil a úsáid chun scaireanna a cheannach faoi scéim cheadaithe.

Féadtar tuilleadh eolas a fháil ar an gcaoi a oibríonn SBRC in Approved Profit Shares Scheme (APSS).

Cánachas ar SBRC

Ní mór duit an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar luach na scaireanna ag an t-am a leithreasú iad ort. Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí cuí tríd an bpárolla agus íocfaidh an cháin go díreach leis an t-Ard-Bhailitheoir.

Scaireanna a dhiúscraítear roimh dheireadh na dtrí bliana

Féadfar treoir a thabhairt don iontaobhaí do scaireanna a dhíol nó a aistriú tar éis dhá bhliain, ach roimh dheireadh na dtrí bliana.

Má thugann tú treoir, ní mór duit Cáin Ioncaim a íoc ag an ráta caighdeánach (20%) ar luach margaidh bunaithe na scaireanna. Ní mór duit an cháin a íoc don iontaobhaí sula n-aistríonn iad. Íocfaidh an t-iontaobhaí an méid seo do na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon. Beidh an méid seo curtha in aghaidh do dhliteanas cánach deiridh ar dhiúscairt nó aistrigh do scaireanna.

Ní mór duit Cáin Ioncaim a íoc ar do ráta imeallach ar an té is lú don:

  • luach margaidh bunaithe
  • agus
  • fháltais an diúscairt
  • luach margaidh na scaireanna ag dáta an aistrithe (i gcás aistriú).

Ní bheidh ort MSU agus ÁSPC breise a íoc mar íocadh iad ag an am a leithreasú na scaireanna ort.

Más rud é go bhfuil do dhliteanas deiridh níos mó ná an cháin a d’íoc tú don iontaobhaí, ní mór duit an méid seo breise a íoc do na Coimisinéirí Ioncaim faoin chóras féinmheasúnú. Ní mór duit sonraí a chur san áireamh ann maidir leis an t-idirbheart i do thuairisceán chánach.

Scaireanna a dhiúscraítear tar éis trí bliana

Má fhágann tú na scaireanna san iontaobhas ar feadh trí bliana, beidh tú díolmhaithe ó Cháin Ioncaim. Féadfaidh sé, áfach, go mbeidh tú faoi dliteanas Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC).

CGC

Má dhiúscraíonn tú do scaireanna, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dlite Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC). Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim fiú nach bhfuil cáin dlite. Ní dhéanann d’fhostóir aon asbhaint chánach nó an diúscairt a thuairisciú ar do shon.

Go ginearálta, is é luach margaidh na scaireanna ag dáta an leithreasú a úsáidtear mar chostas an fáltas agus an gnóthachan inmhuirir á ríomh agat.

Ar aghaidh: Iontaobhais Scairúinéireachta d'Fhostaithe (ESOT)