Cánachas ar scaireanna a bhaineann le fostaíocht

Pleananna Ceannaithe Scaireanna d'Fhostaithe (PCSF)

Feidhmíonn go leor cuideachtaí, go háirithe fochuideachtaí nó brainsí de chorparáidí na Stát Aontaithe (SAM) PCSF.

Is bealach duitse é ESPP chun scaireanna a cheannach i do chuideachta trí asbhaintí párolla, ar praghas lascainithe in amanna. Go hiondúil, an lascaine a cheadaítear ná 15% de luach margaidh na scaireanna ar cheann de na dátaí seo:

  • an chéad lá de thréimhse na tairisceana
  • an lá deiridh de thréimhse na tairisceana.

Cuirtear an lascaine i bhfeidhm ar an luach margaidh ar cibé lá a bhí an luach níos ísle. Tréimhse 6 mhí is ea an tréimhse tairisceana go hiondúil.

Na príomhghnéithe

Nuair a chláraíonn tú sa phlean, baileoidh do chomhlacht do ranníocaíochtaí párolla chun scaireanna a cheannach ar dháta sonrach.

Go ginearálta, beidh uaschéatadán tuarastail a fhéadtar a infheistiú sa phlean. Is tusa a chinneann cé mhéid den tuarastal glan a theastaíonn uait a chur i dtreo an phlean. Beidh an tsuim chéanna á cur agat leis gach mí ar feadh tréimhse 6 mhí. Coinníonn an chuideachta do chuid ranníocaíochtaí thar do cheann, de ghnáth i gcuntas neamhúsmhar. Ag deireadh na sé mhí, baintear úsáid as na ranníocaíochtaí chun scaireanna a cheannach duit.

Cánachas PCSF

Gearrfar cáin ort ar an lascaine a cheadaíonn an cuideachta mar shochar a díorthaíodh ó d’fhostaíocht. Is é an tsuim inmhuirir ná an difríocht idir an méid seo:

  • luach margaidh na scaireanna nuair a cheannaítear iad thar do cheann
  • agus
  • an tsuim a íocann tú ar na scaireanna sin.

Íocfaidh tú Cáin IoncaimMuirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) ar shuim na lascaine. Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí cuí tríd an bpárolla agus íocfaidh an cháin go díreach leis an t-Ard-Bhailitheoir.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go ndréachtófar roinnt pleananna PCSF ar shlí go mbeadh siad ina bpleananna scair-roghanna. Braithfidh sé seo ar gach plean aonair.

Má fheidhmíonn tú scair-rogha roimh an 1 Eanáir 2024, ní mór duit sonraí faoi aon ghnóthachan a dhéanann tú a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim agus aon dliteanas Cánach Ioncaim a íoc go díreach. Ní bhainfidh d’fhostóir Cáin Ioncaim thar do cheann tríd an bpárolla.

Má fheidhmíonn tú scair-rogha ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis, asbhainfidh d'fhostóir aon dliteanas Cánach Ioncaim tríd an bpárolla.

Tugtar achoimre ar fhaisnéis faoi chóireáil scair-rogha neamhcheadaithe i Scéimeanna scair-rogha neamhcheadaithe.

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Má dhiúscraíonn tú do chuid scaireanna, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas CGC. Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú mura bhfuil aon cháin dlite. Ní dhéanfaidh d’fhostóir aon cháin a asbhaint nó ní thuairisceodh d’fhostóir an diúscairt ar do shon.

Ar aghaidh: Scaireanna fáis (scaireanna toraidh nó borracha)