Cánachas ar scaireanna a bhaineann le fostaíocht

Scaireanna saor in aisce agus lascainithe

Féadfaidh d’fhostóir scaireanna a thabhairt duit saor in aisce nó an deis a thabhairt duit scaireanna a cheannach ag praghas lascainithe.

Scaireanna saor in aisce

Is sochar incháinithe iad scaireanna a thugann d’fhostóir duit saor in aisce. Is é luach an tsochair luach margaidh na scaireanna ar dháta an bhronnta.

Féadfaidh d’fhostóir a chinneadh go mbeidh bronnadh na scaireanna faoi réir ‘tréimhse dílseacháin’. Más ea, is é luach an tsochair luach margaidh na scaireanna ar dháta an dílseacháin.

Tréimhse dílseacháin is ea an tréimhse idir dáta an bronnta (nó gealltanais) na scaireanna agus an dáta dílseacháin. Is é an dáta dilseacháin an dáta a shásaítear na coinníollacha dílsithe. Is gnách go gcomhlíontar tréimhsí dílsithe trí:

  • le himeacht tréimhse ama sonraithe
  • do fheidhmíocht aonarach
  • aidhmeanna corparáideacha a bhaint amach.

Cánachas ar scaireanna saor in aisce

Ní mór duit Cáin Ioncaim, an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar an luach an tsochair.

Déantar an íocaíocht nuair a bhronntar na scaireanna ort. Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí cuí tríd an bpárolla agus íocfaidh siad an cháin go díreach leis an t-Ard-Bhailitheoir.

Scaireanna lascainithe

Is sochair incháinithe iad scaireanna a thugann d’fostóir duit seans duit a cheannach ar phraghas lascainithe.

Cánachas ar Scaireanna lascainithe

Ní mór duit Cáin Ioncaim, MSU agus ÁSPC a íoc ar shuim na lascaine. Is é an lascaine ná an difríocht idir an méid seo:

  • luach margaidh na scaireanna ar dháta an bhronnta
  • agus
  • an tsuim a d’íoc tú dóibh.

Déantar an íocaíocht nuair a bhronntar na scaireanna ort. Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí cuí tríd an bpárolla agus íocfaidh an cháin go díreach leis an Ard-Bhailitheoir.

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Má dhiúscraíonn tú do scaireanna, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dliteanas Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC). Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú mura bhfuil aon cháin dlite. Ní bhainfidh d’fhostóir aon cháin ná ní thabharfaidh siad tuairisc ar an diúscairt thar do cheann.

Ar aghaidh: Stoc-Aonaid Shrianta (stoc-aonaid SAS)