Cánachas ar scaireanna a bhaineann le fostaíocht

Scaireanna srianta

Féadfaidh d’fhostóir srian a chur ar an uair a fhéadtar do scaireanna a dhiúscairt. Áirítear leis seo scaireanna a fuarthas ar fheidhmiú rogha scaireanna. Tugtar scaireanna srianta ar na scaireanna seo. Uaireanta tugtar ‘scéimeanna clog’ ar scaireanna scéime srianta.

Má dhéantar scaireanna srianta a dhámhachtain ort, iarrtar ort do chuid scaireanna a choinneáil ar feadh tréimhse bliana ar a laghad. Ní cheadaítear do chuid scaireanna a dhiúscairt le linn na tréimhse seo, ach amháin i gcúinsí teoranta (amhail bás nó atheagrú cuideachta). Meastar go bhfuil do scaireanna diúscartha agat sna cásanna seo:

  • má dhíolann tú iad
  • má aistríonn tú nó má gheallann tú iad do dhuine eile
  • má úsáideann tú iad mar urrús le haghaidh iasachta.

Cánachas ar scaireanna srianta

Is éard atá i suim an ghnóthachain ná an difríocht idir an méid seo:

  • luach margaidh na scaireanna ar dháta an bhronnta
  • agus
  • an praghas (más ann) a d’íoc tú.

Ní mór duit Cáin Ioncaiman Muirear Sóisialach Uilíoc (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar dháta fála na scaireanna srianta.

Chun cuntas a thabhairt ar an srian a chuirtear ort ó do chuid scaireanna a dhiúsciart, laghdaítear an tsuim inmhuirir i leith cánach. Tá an laghdú idir 10% agus 60% ag brath ar fhad na tréimhse srianta

Laghdú ar Cháin Ioncaim, MSU agus ÁSPC de réir fhad na tréimhse clog
Líon na mblianta sriantaMéid an laghdú

1

10%

2

20%

3

30%

4

40%

5

50%

Níos mó ná 5 bliain

60%

Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí cuí tríd an bpárolla agus íocfaidh an cháin go díreach leis an Ard-Bhailitheoir.

Athrú nó cealú srianta

Féadtar na srianta a athrú nó a ardú roimh dheireadh na tréimhse srianta comhaontaithe. Má tharlaíonn sé seo, ní mór an tsuim CI, MSU agus ÁSPC a d’íoc tú ar an dáta a bronnadh na scaireanna a choigeartú. Ní mór don choigeartú cuntas a thabhairt ar an tréimhse iarbhír a raibh an srian i bhfeidhm. Mar shampla, má athraítear an tréimhse srianta ó cheithre bliana go dhá bhliain, athraíonn an ráta laghdaithe ó 40% go 20%.

Ní mór d'fhostóirí a rinne na teidliochtaí a phróiseáil trí phárolla Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) na coigeartú a dhéanamh tríd an bpárolla:

  • don dámhachtain thosaigh
  • do leithroinnt na scaire

Ní dhéanfaidh d’fhostóir na coigeartú seo murar déileáladh leis an dámhachtain thosaigh nó leithroinnt na scaire tríd an bpárolla. Sa chás seo, caithfidh tú na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi aon Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU breise atá dlíte. Féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim:

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Má dhiúscraíonn tú do scaireanna, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dlite Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC). Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú nach bhfuil cáin dlite. Ní dhéanfaidh d’fhostóir aon cháin a asbhaint nó ní thuairisceoidh d’fhostóir an diúscairt ar do shon.

Ar aghaidh: Scaireanna forghéillte