Cánachas ar scaireanna a bhaineann le fostaíocht

Scaireanna forghéillte

Féadfaidh d’fhostóir scaireanna a bhronnadh ort faoi réir an choinníll go ndéanfaidh tú na scaireanna a fhorghéilleadh má thagann cúinsí áirithe chun cinn nó mura dtagann siad chun cinn. Mar shampla, má fhágann tú an chuideachta nó má theipeann ort na coinníollacha feidhmíochta a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach.

Cánachas ar scaireanna forghéillte

Ní mór duit Cáin Ioncaim, an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar an méid seo a leanas:

  • luach margaidh, más scaireanna in aisce iad na scaireanna a bhronntar
  • luach lascaine, más scaireanna lascainithe iad na scaireanna a bhronntar.

Gearrfar cáin ort ar an dáta a bhronntar na scaireanna cé go bhféadfadh siad a bheith forghéillte. Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí riachtanacha tríd an bpárolla agus íocfaidh siad an cháin go díreach leis an Ard-Bhailitheoir.

Aisíocaíocht cánach ar fhorghéilleadh na scaireanna

Má fhorghéilltear na scaireanna, laghdófar go náid aon cháin a gearradh nuair a bronnadh iad. Aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncam aon Cáin Ioncaim, agus MSU a d’íoc tú nuair a bronnadh na scaireanna

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Ní mór duit éileamh i scríbhinn a thíolacadh:

Ní mór duit é seo a dhéanamh taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na bliana cánach ina bhforghéilltear na scaireanna.

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Nuair a fhorghéilleann tú scaireanna, caitear leis mar dhiúscairt chun críocha CGT. Tá an caillteanas incheadaithe teoranta don tsuim a d’íoc tú ar na scaireanna lúide aon suim a fhaigheann tú ar an bhforghéilleadh.

Ar aghaidh: Urrúis in-chomhshóite