Treoir maidir le féinmheasúnú

An gá Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) a íoc?

Ní mór duit ÁSPC a íoc má tá tú féinfhostaithe agus:

  • má tá íos-ioncam bliantúil €5,000 agat
  • agus
  • má tá tú idir 16 agus 66 bliain d’aois.

Déantar do ÁSPC a ríomh ar do ioncam comhlán tar éis liúntais chaipitil a asbhaint. Má tá tú féinfhostaithe, is gnách ÁSPC a íoc in aicme S. Is ionann an ráta seo agus 4% de d’ioncam comhlán, le híos-íocaíocht €500.

Tabhair do d'aire

Ní mór duit ÁSPC a íoc freisin má tá ioncam cíosa nó íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí á fháil agat.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar ÁSPC do lucht féinfhostaithe agus ar do theidlíochtaí leasa shóisialaigh, féach ar shuíomh idirlín na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS).

Ar aghaidh: Srian ar Shaothraithe Ardioncaim (SSA)