Treoir maidir le féinmheasúnú

Srian ar Shaothraithe Ardioncaim (SSA)

Cuireann an srian seo teorainn le húsáid na bhfaoiseamh agus díolúine chánach ag daoine aonair ardioncaim.

Féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag an srian seo ort:

  • má tá d’ioncam níos mó, ná nó cothrom, le €125,000 – níos lú má tá ioncam imfhálaithe (ioncam ar gnách a bheith faoi dhliteanas cánach ag ráta sonraithe) ar nós Cáin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT)
  • má tá do chuid faoiseamh iomlán níos mó ná €80,000
  • más mó ná 20% de d’ioncam coigeartaithe é comhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe a úsáideann tú.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an srian seo, féach ar Chuid 15 den Income Tax Manual. Gheobhaidh tú anseo liosta iomlán de na faoisimh agus díolúintí uile srianta. Gheobhaidh tú eolas chomh maith ar an gcaoi leis an tsuim bhreise Cánach Ioncaim nach mór duit a íoc a ríomh.

Má tá tú faoi réir ag SSA, ní mór duit:

  • na sonraí a chur san áireamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11), a tíolactar trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • agus
  • ríomh den srian a thíolacadh ar Fhoirm RR1, atá ar fáil ar ROS tríd an bpainéal Srian ar Fhaoisimh ar an Tuairisceán Cánach Ioncaim (ríomhFhoirm 11).