Cé ba chóir clárú le haghaidh CBL?

Léargas ginearálta

Déileáiltear sa rannán seo leis na rialacha a bhaineann le clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL). Tugtar míniú ann ar an méid seo a leanas:

  • cé is gá clárú le haghaidh CBL
  • tairseacha CBL
  • clárú le haghaidh CBL a roghnú
  • nuair is féidir roghnú cáin a ghearradh ar ligean.

De ghnáth, ní mór clárú le haghaidh CBL más duine cuntasach thú.

Ní fhéadann duine a dhéanann gníomhaíochtaí díolmhaithe amháin, nó gníomhaíochtaí neamh-incháinithe amháin, clárú le haghaidh CBL. Féadfaidh sé, áfach, go n-iarrfaí ar dhuine a dhéanann gníomhaíochtaí díolmhaithe nó gníomhaíochtaí neamh-incháinithe clárú le haghaidh CBL i gcúinsí áirithe, mar shampla:

Gnó nua a chlárú

Má tá gnó nua bunaithe agat ach murar thosaigh tú fós ag soláthar earraí nó seirbhísí incháinithe, féadfaidh tú CBL a aiséileamh ar do chostais nuathionscanta. Chun é seo a dhéanamh, áfach, tá sé riachtanach clárú le haghaidh CBL.

Cuirfidh sé seo ar do chumas creidmheas a fháil do CBL ar cheannacháin déanta sula dtosaíonn trádáil.

Ní bhíonn dualgas de ghnáth clárú le haghaidh CBL i gcás trádálaithe a bhfuil láimhdeachas faoi bhun na dtairseach CBL, ná i gcás feirmeoirí agus iascairí mara. Féadann siad, áfach, roghnú clárú le haghaidh CBL.

Féach ar ‘Treoir bhreise’ le haghaidh eolas clárúcháin maidir le:

  • aontais mac léinn áirithe
  • comhlachais cosanta trádála
  • comhlachtaí taiscéalaíochta gáis agus ola.

Ar aghaidh: Céard iad na tairseacha CBL?