Cé ba chóir clárú le haghaidh CBL?
Cé a chaithfidh clárú le haghaidh CBL?
Ní mór duit clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) más duine cuntasach thú.
De ghnáth, tá sé de dhualgas ort clárú le haghaidh CBL ón nóiméad a sháraíonn do láimhdeachas an tairseach ábhartha clárúcháin CBL. Measfar gur duine cuntasach thú a luaithe is a chríochnaíonn tú idirbheart a sháraíonn an tairseach. Ní mór duit iarratas ar chlárúchán le haghaidh CBL a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá tar éis an t-idirbheart seo a chur i gcrích.
Féadfaidh gnólachtaí a bhfuil a láimhdeachas faoi bhun na dtairseach CBL leas a bhaint as Scéim FBM. Féadfaidh feoirmeoirí leas a bhaint as Scéim Ráta Comhréidh do Fheirmeorí. Má bhaineann tú leas as ceachtar den dá scéim, go ginearálta, níl sé de dhualgas ort clárú le haghaidh CBL . Féadfaidh tú, áfach, rogha a dhéanamh fós clarú le haghaidh CBL fiú mura sáraíonn do láimhdeachas na tairseacha clárúcháin.
Gnó díolmhaithe agus daoine neamh-inchánach
Ní gá do dhuine nach ndéanann ach gníomhaíochtaí díolmhaithe nó gníomhaíochtaí neamh-inchánach clárú le haghaidh CBL. Féadfaidh sé, áfach, go mbeidh ar dhuine a dhéanann gníomhaíochtaí díolmhaithe nó gníomhaíochtaí neamh-inchánach clárú le haghaidh CBL i gcúinsí áirithe, mar shampla:
Tá tuilleadh eolas ar fáil maidir le clárú chun earraí agus seirbhísí a fháil ó thar lear.
Gnó nua a chlárú
Má tá gnó nua bunaithe agat ach murar thosaigh tú fós ag soláthar earraí nó seirbhísí inchánach, féadfaidh tú CBL a aiséileamh ar do chostais nuathionscanta. Chun é seo a dhéanamh, áfach, tá sé riachtanach clárú le haghaidh CBL. Cuirfidh sé seo ar do chumas creidmheas a fháil do CBL ar cheannacháin déanta sula dtosaíonn trádáil.
Féach ar Treoir bhreise le haghaidh eolas clárúcháin maidir le:
Ar aghaidh: Céard iad na tairseacha CBL?