Ciandíolachán earraí taobh istigh den Chomhphobal

Tarlaíonn ciandíolacháin earraí taobh istigh den Chomhphobal nuair a dhéantar earraí:

  • a sheoladh
  • a iompar

thar ceann, nó ag, soláthraí i mBallstát amháin de chuid an Aontais Eorpaigh chuig custaiméirí áirithe eile i mBallstát eile.

Áirítear leis seo:

  • díolacháin postdíola
  • díolacháin fóin nó teilidhíola
  • earraí fisiciúla a ordaítear thar an idirlíon 
  • cásanna go ndéanann soláthraí idirghabháil indíreach in iompar nó seoladh na n-earraí.

Ní áirítear leis seo bealaí nua iompair nó earraí a sholáthraíodh tar éis na cóimeála nó na suiteála.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas Cánach Breisluacha (CBL) ar chiandíolacháin earraí taobh istigh den Chomhphobal ar fáil sa rannán Treoir bhreise.