Trádálaithe neamhbhunaithe i mbun ghnó in Éirinn

Trádálaithe neamhbhunaithe ag soláthar earraí agus seirbhísí in Éirinn

Go ginearálta, is ionann áit soláthair na seirbhísí ghnólachta le gnólachta agus an áit ina bhfuil an faighteoir bunaithe. Ní mór don fhaighteoir clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) agus féinchuntasaíocht a dhéanamh maidir leis an CBL in Éireann ar bonn fhrithmhuirir.

Tá roinnt eisceachtaí ann maidir leis an riail fhrithmhuirire ina gceanglaítear ar thrádálaithe neamhbhunaithe clárú agus cuntas a thabhairt ar CBL sa Stát.

Ní gá do thrádálaithe neamhbhunaithe clárú, beag beann ar leibhéil a láimhdeachas, nuair a dhéanann sé nó sí an méid seo a leanas:

  • earraí a iompórtáil isteach sa Stát
  • earraí a sholáthar sa Stát
  • earraí agus seirbhísí a sholáthar ar árthaí, aerárthaí nó traenacha a fhágann an Stát chun dul go ballstát eile an Aontais Eorpaigh (AE)
  • dhéanann siad ciandíolacháin do duine nach bhfuil duine incháinithe sa Stát
  • bheith i mbun soláthar seirbhísí a bhfuil baint acu le hearraí inaistrithe lonnaithe sa Stát, lena n-áirítear seirbhísí tógálaithe, pluiméirí agus mar sin de, gníomhairí eastáit, ailtirí agus gnólachtaí a chuireann seirbhísí glanadh agus slándála ar fáil agus maoirseacht ar an láthair maidir le réadmhaoin
  • bheith i mbun earraí nó gníomhaíochtaí iompar cúntacha a iompar do chustaiméir nach bhfuil cláraithe do CBL nuair at thosaíonn an seirbhís iompair sa Stát
  • dhéanann siad seirbhísí cultúrtha, ealaíonta, spóirt, eolaíochta, siamsaíocht nó seirbhísí mar sin do daoine phríobháideach sa Stát
  • bheith i mbun luachála ar earraí inaistrithe laistigh den Stát, lena n-áirítear obair ar conradh nuair a sholáthraítear an tseirbhís do dhuine príobháideach
  • bheith i mbun seirbhísí lónadóireachta atá ar siúl go fisiciúil laistigh den Stát
  • atá bunaithe lasmuigh den Stát agus i mbun earraí inaistrithe a fhruiliú le haghaidh úsáide éifeachtach laistigh den Stát
  • bheith i mbun seirbhís teileachumarsáide, nó cártaí teileafón, nó seirbhísí craoltóireachta raidió nó teilifíse ó lasmuigh den Aontas Eorpach a sholáthar le duine príobháideach.sa Stát i gcúinsí áirithe.
  • bheith i mbun seirbhísí leictreonacha ó lasmuigh den Aontas Eorpach a sholáthar le duine príobháideach gur é a phríomháit chónaithe ná an Stát. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh sna seirbhísí seo:
    • suíomh gréasáin a sholáthar, óstáil suímh gréasáin, cláracha a chothabháil ó chian agus trealamh
    • bogearra a sholáthar agus é a uasdátú
    • íomhánna, téacs agus eolas a sholáthar, agus bunachair sonraí a chur ar fáil
    • ceol, scannáin agus cluichí a sholáthar, lena n-áirítear cluichí seansanna agus cluichí cearrbhachas agus imeachtaí agus craolacháin polaitiúla, cultúrtha, ealaíonta, spórtiúla, eolaíochta agus siamsaíochta
    • cianteagasc a sholáthar.

Ba chóir iarratais ar chlárúchán a sheoladh chuig:

Clárúcháin Chánacha Gnó
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Bosca PO 1
Loch Garman.

Ar aghaidh: Trádálaithe neamhbhunaithe agus ciandíolacháin laistigh den Chomhphobal