Trádálaithe neamhbhunaithe i mbun ghnó in Éirinn

Tógálaithe agus fochonraitheoirí neamhbhunaithe

Braitheann an cánachas Cáin Bhreisluacha (CBL) ar tógálaithe neamhbhunaithe, fochonraitheoir ar cibé acu atá faoi réir Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI) nó nach bhfuil.

Seirbhís tógála nach bhfuil faoi réir CCI

Bíonn ar trádálaithe neamhbhunaithe ag gabháil den seirbhísí foirgneoireachta sa Stát nach bhfuil faoi réir CCI clárú agus cúntas a thabhairt ar CBL in Éirinn.

Tá samplaí mar seo a leanas:

  • Ba chóir do tógálaí neamhbhunaithe a thógann síneadh do dhuine príobháideach, CBL Éireannach a ghearradh agus cuntas a thabhairt ar an soláthar.
  • Ba chóir do leictreoir neamhbhunaithe a shuiteálann córas aláram i siopa, CBL Éireannach a ghearradh ar an soláthar agus cuntas a thabhairt air.

Seirbhísí tógála atá faoi réir CCI

Níl dualgas ar thrádálaithe neamhbhunaithe atá i mbun oibríochtaí tógála mar fhochonraitheoirí cuntas a thabhairt ar CBL ar sheirbhísí dá gcuid nó níl siad i dteideal orthu nuair a sholáthraítear iad le príomhchonraitheoir. Tabharfaidh an príomhchonraitheoir cuntais leis an CBL atá dlite.

Níl dualgas ar fhochonraitheoirí a thosaíonn obair sa Stát, agus a chuireann seirbhísí ar fáil ach amháin do phríomhchonraitheoirí clárú le haghaidh CBL. Beidh orthu, áfach, clárú chun CBL a éileamh ar ais.

Mar go bhfuil go leor soláthróirí seirbhís tógála i mbun chineálacha éagsúla conarthaí, tá sé tábhachtach eolas a bheith agat ar cén chaoi a n-oibríonn an córas. Mar shampla, féadfaidh tógálaí a bheith ag feidhmiú mar phríomhchonraitheoir i gconradh amháin, mar fhochonraitheoir i gceann eile agus ag soláthar seirbhísí nach bhfuil faoi réir CCI faoi chonradh eile.

Nuair atá CCI le hasbhaint, ba chóir go ríomhfaí é ar an méid ar leith ó CBL.

Ar aghaidh: Trádálaithe neamhbhunaithe ag suiteáil nó ag cóimeáil earraí