Trádálaithe neamhbhunaithe i mbun ghnó in Éirinn

Trádálaithe neamhbhunaithe ag suiteáil nó ag cóimeáil earraí

Níl dualgas ar thrádálaithe neamhbhunaithe clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) nuair:

  • a sholáthraíonn sé nó sí earraí sa Stát atá suiteáilte nó atá cóimeáilte le nó gan iarracht thrialach, ag an trádálaí nó ar a shon
  • agus
  • is é fhaighteoir na hearraí sin ná:
    • duine atá cláraithe do CBL
    • Roinn Rialtais nó údarás áitiúil
    • comhlacht curtha ar bun de réir Reachta
    • duine díolmhaithe.

Samplaí tipiciúla ná soláthar, suiteáil agus cóimeáil:

  • seastáin taispeántas
  • cuntair siopa inaistrithe
  • ríomhchórais
  • gineadóirí leictreach.

Ní mór don chustaiméir clárú le haghaidh agus féinchuntasaíocht a dhéanamh ar an CBL dlite.

Sa chás gurb duine phríobháideach é an custaiméir, ní mór don trádálaí neamhbhunaithe clárú agus cuntas a thabhairt ar CBL Éireannach.

Ar aghaidh: Trádálaithe neamhbhunaithe atá ag soláthar gáis tríd an gcóras gáis nádúrtha nó leictreachas