Cén chaoi a dtugtar cuntas i leith CBL

Léargas ginearálta

Léirítear sa rannán seo:

  • nuair a thagann Cáin Bhreisluacha (CBL) chun bheith iníoctha
  • cén chaoi a gcomhlánaítear tuairisceán VAT 3
  • cén chaoi a ndéantar aisíocaíocht CBL.

Ní mór duit do CBL a thíolacadh agus a íoc roimh an 19ú lá den mhí i ndiaidh dheireadh gach tréimhse incháinithe. Ba chóir an tuairisceán seo a bheith ceart agus cruinn agus a sholáthar don Ard-Bhailitheoir trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Is taifead é an tuairisceán VAT3 ar an gCáin Bhreisluacha (CBL) atá iníoctha, nó in-aiséilithe, agat le linn na tréimhse incháinithe.

Déantar aisíocaíochtaí CBL go díreach le cuntas in institiúid airgeadais. Má tá tuairisceáin chánach amuigh agat, áfach, féadfaidh sé go gcoinneoidh an tArd-Bhailitheoir d’aisíocaíochtaí siar.

Ar aghaidh: Nuair a thagann CBL chun bheith iníoctha