Cén chaoi a dtugtar cuntas i leith CBL

Cén chaoi a ndéantar VAT 3 a chomhlánú?

Is taifead é an tuairisceán VAT 3 ar an gCáin Bhreisluacha (CBL) atá iníoctha, nó in-aiséilithe, agat le linn na tréimhse incháinithe. Ba chóir duit an tuairisceán a chomhlánú mar seo a leanas:

T1 - CBL ar dhíolacháin

Is é an figiúr seo an CBL iomlán atá dlite ar:

T2 - CBL ar cheannacháin

Is éard é an fhigiúr seo ná an iomlán CBL atá tú i dteideal a aiséileamh maidir le costais a thabhaigh tú ar:

Féadtar na figiúirí T1 agus T2 a choigeartú nuair a eisíonn tú, nó nuair a fhaigheann tú, nóta creidmheasa.

T3 – CBL iníoctha

Bíonn CBL iníoctha do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a bhíonn an figiúr T1 níos mó ná an figiúr T2. Is é an méid iníoctha ná an difríocht idir an dá fhigiúir.

T4 – CBL inaisíoctha

Bíonn CBL inaisíoctha duit nuair a bhíonn an figiúr T2 níos mó ná an figiúr T1. Is é an méid inaisíoctha ná an difríocht idir an dá fhigiúir.

Mura bhfuil aon CBL iníoctha nó le haiséileamh i dtréimhse chánach, ní mór an VAT 3 a sheoladh ar ais agus luach nialasach curtha isteach ag T1, T2 T3 agus T4.

Tabhair do d'aire: Ná cuir ‘náid' isteach ar líne ar bith.

E1 – soláthairtí earraí laistigh den AE

Is é seo luach iomlán na n-earraí a seoladh chuig custaiméirí i dtíortha eile san AE.

E2 – fáltais earraí laistigh den AE

Is é seo luach iomlán na n-earraí a bhfuarthas ó sholáthraithe i dtíortha eile san AE.

ES1 – soláthar seirbhísí laistigh den AE

Is é seo luach iomlán na seirbhísí a soláthraíodh do chustaiméirí i dtíortha eile san AE.

ES2 – fáltas seirbhísí laistigh den AE

Is é seo luach iomlán na seirbhísí a fuarthas ó sholáthraithe i dtíortha eile san AE.

Féach ar an treoir bhreise le heolas a fháil ar dhualgais tuairisceáin leictreonacha CBL a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh trí ROS.

PA1 – cuntasaíocht iarchurtha

Is é seo iomlán an luach Custam ar na hearraí a iompórtáiltear faoi chuntasaíocht iarchurtha de réir Dearbhuithe Custam móide Dleacht Custam.

Féach ar an rannán Treoir breise le haghaidh eolas ar na dualgais atá i gceist le tuairisceáin leictreonacha CBL a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh trí ROS.

Ar aghaidh: CBL a aisíoc