Cén uair a bhíonn CBL dlite?

Eascraíonn Cáin Bhreisluacha (CBL) ar sholáthar earraí agus seirbhísí.

Nuair nach n-eissíonn tú sonrasc, tagann CBL chun bheith dlite:

  • ar an dáta a rinneadh an soláthar
  • ar an dáta a fhaigheann tú íocaíocht roimh ré don soláthar.

Is é an ráta CBL ná an ráta atá i bhfeidhm ar:

  • dáta an tsoláthair
  • dáta a faightear íocaíocht roimh ré.

Nuair a eisíonn tú sonrasc, tagann CBL chun bheith dlite ar cibé acu seo is luaithe:

  • an dáta a d’eisigh tú an sonraisc
  • mura bhfuil an sonraisc eisithe agat, an dáta ba cheart duit an sonraisc sin a eisigh.

Is é an ráta CBL ná an ráta atá i bhfeidhm ar:

  • an dáta a dheisidh tú an sonrasc
  • an dáta ba cheart an sonrasc a bheith eisithe.

Tá faisnéis ar fáil maidir le cén uair ba cheart duit CBL a íoc do na Coimisinéirí Ioncaim. Féach ar na rannáin Nuair a thagann CBL chun bheith iníoctha agus Cuntas a thabhairt i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas.

Is eisceachtaí ar cén uair a bhfuil CBL dlite iad seo a leanas:

  • Tagann CBL chun bheith dlite ar fháltais laistigh den Chomhphobal ar an dáta a eisíodh an sonrasc. Is é an tráth is deireanaí a bhíonn CBL dlite, áfach, ná ar an 15ú lá den mhí tar éis na míosa a tháinig na hearraí.
  • Tá CBL dlite i leith fáltais mótarfheithiclí nua laistigh den Chomhphobal, seachas ag daoine atá i dteideal inasbhainteachta. Bíonn sé dlite de ghnáth ag am íocaíochta na Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF). Mura bhfuil CCF le híoc, bheadh CBL dlite tráth nach déanaí ná an 15ú lá den mhí tar éis an fháltais laistigh den Chomhphobal.
  • I gcás soláthairtí leanúnacha fóntas (gás, leictreachas agus teileachumarsáid) bíonn CBL dlite nuair a eisíonn an chuideachta fóntais billí chuig custaiméirí. Tá sé seo ar choinníoll go n-eisíonn an chuideachta fóntais bille uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Is é an ráta atá le feidhmiú ná an ráta a bhíonn i bhfeidhm ar an dáta a eisítear an bille chuig an gcustaiméir. Is amhlaidh atá sé fiú i gcás go ndéanann na custaiméirí sin íocaíochtaí roimh ré.
  • Tá CBL dlite i leith fáltais aerárthach agus bád nua laistigh den Chomhphobal, seachas ag daoine i dteideal inasbhainteachta. Tá sé dlite laistigh de thrí lá tar éis teach isteach sa Stát. Tá an CBL iníoctha don Bhailitheoir ábhartha Custam agus Máil.
  • Tá CBL dlite i leith earraí iompórtáilte ó thíortha neamh-AE ag an bpointe iontrála chun an Stáit. 
  • Tá CBL dlite ar fáltais laistigh den Chomhphobal i gcás earraí inmháil trí thagairt don am ina mbeidh an dleacht máil iníoctha. Tabhair do d'aire, baineann forálacha speisialta do tháirgí alcóil.
  • I gcás earraí iompórtáilte faoi shocrú fionraí dleachta, bíonn CBL iníoctha nuair a fhágann na hearraí sin an socrú fionraí.
  • Ní mór do dhaoine a thugann cuntas le haghaidh CBL ar seirbhísí faighte faoin gcóras frithmhuirear é a dhéanamh trí thagairt do cibé acu seo is luaithe:
    • an dáta atá an sonrasc nó doiciméad eisithe
    • an dáta a rinneadh an íocaíocht
    • an 15ú lá den mhí tar éis an mhí ina bhfuair an duine an seirbhís.