Bia agus deoch

Cé na rátaí CBL a ghearrtar ar bhia agus deoch?

Tá soláthar bia agus dí lena dtomhailt ag daoine faoi réir roinnt rátaí éagsúla Cánach Breisluacha (CBL). Braitheann sé seo ar an mbia agus deoch lena mbaineann.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le bia agus deoch ar fáil sa rannán Treoir bhreise.

Cé na rátaí CBL a ghearrtar ar arán?

Féadfaidh soláthar aráin a bheith faoi dhliteanas Cánach Breisluacha (CBL) ag an ráta nialasach nó an ráta laghdaithe.

Maidir le soláthar aráin a chomhlíonann an sainmhíniú ar chomhábhar faoin reachtaíocht ar CBL, tá sé faoi dhliteanas CBL ag an ráta nialasach. De ghnáth ní chomhlíonann táirgí aráin, amail arán gairleoige, arán oinniúin agus arán finéil, sainmhíniú an chomhábhair i leith aráin. Mar sin, féadfaidh siad a bheith faoi dhliteanas CBL ag an ráta laghdaithe.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL ar arán le fáil sa rannán Treoir bhreise.

Cé na rátaí CBL a bhaineann le táirgí bácúis?

Maidir le táirgí bácús a sholáthar, ar táirgí iad atá bunaithe ar phlúr nó ubh, tá siad faoi dhliteanas CBL ag an ráta laghdaithe.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le bia agus deoch ar fáil sa rannán Treoir bhreise.

Táirgí alcóil

Tá soláthar táirgí alcóil faoi dhliteanas CBL ag an ráta caighdeánach. Féach ar an treoir ar bhia agus deoch chun tuilleadh eolais a fháil.

Baineann rialacha speisialta, áfach, le soláthairtí táirgí alcóil áirithe, amhail:

  • nuair atá siad á shealbhú nó á n-iompar faoi shocrú dleachta ar fionraí
  • ó Bhallstát eile den AE nuair a íocadh dleacht mháil i mBallstát an tseolta
  • ar iompórtáil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE)
  • ciandíolacháin chuig daoine aonair príobháideacha sa Stát.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le táirgí alcóil ar fáil sa rannán Treoir bhreise.