Réamhíocaíochtaí agus éarlaisí

Cén uair a ghearrtar CBL ar éarlaisí agus réamhíocaíochtaí?

Féadfaidh tú éarlais nó réamhíocaíocht a fháil sula mbíonn soláthar earraí nó seirbhísí críochnaithe agat. I gcásanna den chineál sin, measfar go raibh soláthar ann ag an am a fuarthas an íocaíocht. Tá Cáin Bhreisluacha (CBL) inmhuirir ar an réamhíocaíocht agus ní mór duit an CBL a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim i do thuairisceán CBL.

Féach Riachtanais sonrasc d'íocaíochtaí a fhaightear roimh ré ina ndéileáltar le sonraisc agus nótaí creidmheasa maidir leis na héarlaisí seo.

Céard a tharlaíonn ó thaobh CBL nuair a chealaítear idirbheart roimh 1 Eanáir 2022

Má choimeádann tú éarlais, tar éis don chustaiméir an t-idirbheart iomlán a chealú roimh an 1 Eanáir 2022, féadfaidh tú do dhliteanas CBL a laghdú don tréimhse ina ndéantar an éarlais a fhorghéilleadh. Tá an laghdú incheadaithe ar shuim comhionann leis an tsuim atá san éarlais. Ní mór go mbeadh sé ar fáil ach le haghaidh éarlais faighte agus cealaithe roimh 1 Eanáir 2022 amháin.

Tá roinnt coinníollacha ann chun é seo a chur i bhfeidhm:

  • níor tharla an soláthar de bhrí gur chealaigh an custaiméir é
  • déantar an cealú a nótáil mar seo i leabhair agus i dtaifid an tsoláthraí
  • ní dhéantar an éarlais a aisíoc leis an gcustaiméir
  • ní thugann aon duine aon chomaoin, leas ná soláthar eile don chustaiméir in ionad na suime sin.